Réim Vegeánach: An réim bhia díomách eile é?

Cloistear réim bhia nua beagnach gach lá sa lá atá inniu ann. Gan amhras, is mór a théann réim bhia i bhfeidhm ar chúrsaí sláinte ach an é an réim bhia is fearr? Cloistear comhairle dhifriúil gach lá, ‘Ithigí na uibheacha gan buíocán - mar tá sé míshlántiúil’ nó ‘má tá fonn ort meáchan a chailliúint, ithigí trí bhabhla de Special K gach lá’. Athraíonn sí go minic. Sa lá atá inniu ann, deirtear gurb é an réim vegeánach an réim bhia is fearr ó thaobh an sláinte agus an t-athrú aeráide de. Tá an t-uafás eolais so-aimsithe ar an idirlíon. Sin ráite, ‘sí an chloch is mó ar mo phaidrín ná an cheist ‘An bhfuil buntáiste nó míbhuntáiste i gceist leis an réim bhia áirithe seo?  ‘Sí an réim bhia atá san fhaisean le déanaí ná an réim bia vegeánach áfach. An réim bhia díomách eile é? Bhí amhras orm an chéad uair a chuala mé faoi. D’athraigh mé mo dhearcadh a bhuíochas le m’athair. Is feirmeoir déiríochta é agus dhá bhliain ó shin, thosaigh sé ag ithe na réime vegeánach. Roimhe sin, fear ‘traidisiúnta’ ab ea é, d'itheadh sé dhá ubh ar maidin le slisíní bagúin agus mairteoil nó sicín am dhinnéar agus ceapaire liamháis um thráthnóna. Ní chreidófá na hathruithe; anois, tá an t-uafás fuinnimh aige. Ní fear óg é ach dúirt a dhoctúir leis go bhfuil corp fhear sna tríochaidí aige. Tá sé beagnach deich mbliana agus trí fichid d'aois. Dhá bhliain ó shin, bhí leibhéal ard colaistéaróil aige agus sin é an fáth a shocraigh sé a réim bhia a athrú. Is fear difriúil é inniu. Ólann sé uisce beatha te gach oíche roimh am luí fós áfach. Seanscéal agus meirg air!Níl sé sin an t-aon buntáiste a bhaineann leis an réim bia seo; nuair a dhein mé níos mó taighde, d’fhoghlaim mé na buntáistí eile. Mar shampla, ó thaobh an tsláinte de, laghdaíonn sé an riosca galar croí.  Tá sé éifeachtúil ag cuidiú le cailliúint mheáchain ach b’fhéidir an pointe is tábhachtaí; tá sé an réim bhia is fearr i leith an timpeallacht, de réir an staidéar eolaíoch a dhein na Náisiún Aontaithe níos déanaí.  Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe an réim bhia feoiliteach. Tá neart fianaise tugtha chun solais acu; mhol siad dúinn má sheachnóimis é, beidh sé sin an tslí is fearr chun do thionchar thimpeallachta a laghdú agus gan chaitheamh déirí agus feola, beidh 70% thalamh feirme níos lú á úsáid (ar aon mhéid leis an tSín, na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus an Astráil le chéile). Míníodh go bhfuil an gáis cheaptha teasa ón talmhaíocht ainmhithe ar an léibhéal céanna do na gáis ón gach carr, trucail, bus, eitleán agus roicéad le chéile. Sa lá atá inniu ann, tá ag díriú ar an eipidéim phlaistigh (agus cad chuige nach mbeadh) ach an fhadbh is baolaí ná cad a chuireann siad ar a bplátaí gach lá. Tá an tionchar táirgeadh talmhaíochta i bhfad níos measa ná sin; ‘Is iad na hitheadóirí feola na príomhchuiditheoirí do chaillteanas uisce, dífhoraoisiú, leibhéil farraige ag ardú, díothú speiceas, agus truailliú’.  Cén fáth go bhfuilimid ag brath ar an réim bhia chomh fánach agus millteach? Nach cuma an bhfuil an stéig deich n-unsa i bhfad níos blasta ná Casaról vegeánach? Cén béile an ceann is nádurtha, is simplí, is folláine? Is ball dúinn den sochaí ‘shibhialta’ ach dúnmharaítear na céadta ainmhithe gach lá gan ghá agus leanimid ar aghaidh go santach. An íoróin is mó ná téann daoine ar Facebook agus cuirtear ‘is maith liom’ ar phictiuírí leis an dteideal ‘Féachaigí ar an lao gleoite beomhar darb ainm Mícheál’ agus titeann daoine i ngrá leis. Dhá uair tar éis é sin, téann siad go dtí KC’s agus ordaíonn siad burgar ceathrú puint le sceallóga agus alpann siad é go náireach. An bhfaca tú an fhadhb anseo? Smaoinigh ar do gharpháistí - ní bheidh siad anseo má leanfaimid ar aghaidh gan athrú mór suntasach. Seachain an réim bhia feoiliteach má tá fonn ort iad a bhualadh. Smaoinigh ar Mhícheál, an lao gleoite a athraíonn go burgar blasta. Déan an cinneadh ceart sula mbeidh sé ródhéanach.

Previous
Previous

Advice about Life, From a Man Who Knows What It’s Like to Lose it – an Interview with Mark Maxwell

Next
Next

The rise of Whenyoung