Saol Thar Lear: Slí Bheatha leis an nGaelainn

Orla Leahy (Eagarthóir Gaeilge)


San alt seo, cuireann Orla agallamh ar Antóin Ó Trinlúin, alumnas nó céimí de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh atá ag múineadh na Gaelainne i gCeanada i mbliana. 


A Antóin, a chara, tá súil agam go bhfuil tú go maith. Tuigim go bhfuil céim bainte amach agat sa Ghaeilge agus sa tíreolaíocht, agus go bhfuil cúrsa iarchéime déanta agat sa Rialtas agus sa Pholaitíocht. Inis dhom faoi do chuid ama i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus do chuid staidéir. 


Is dócha gurbh iad na blianta a chaitheas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh na blianta ab fhearr de mo shaol go dtí seo, go háirithe an bhliain dheireanach agus mé ag déanamh na máistreachta. Thaitin an bhunchéim agus an mháistreacht go mór liom agus bhuaileas le hana-chuid cairde nua thar na cúig bliana. Bhíos ar Choiste na Cuallachta Gaelaí ar feadh dhá bhliain, ceann de na cinntí ab fhearr a dheineas riamh. B’iontach bualadh le Gaeil ó thimpeall na tíre ar fad agus obair na gcapall a dhéanamh chun an Ghaelainn a chur chun cinn. Bhí craic againn chomh maith, dar ndóigh, agus ní dhearúdfad ariamh an oíche go rabhamair go léir istigh i gClub an Chonartha san Ardchathair is sinn ag ceiliúradh leis an gcorn a bhuamar ag Díospóireacht Ghael-Linn an oíche chéanna, gan trácht ar an lá gur bhuaileamair go léir lena Shoilse Micheál D. Ó hUiginn sa Ghaillimh, nó na hoícheanta go léir sa Bhróg! Is dócha gur fhorbair mé go mór mar dhuine agus mé ar an ollscoil, go hacadúil, go proifisiúnta agus go pearsanta. Táim ana-bhuíoch as an seal a chaitheas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus dheineas cinneadh dul ag siúl tríd an gcampas nuair a bhíos aige baile don Nollaig!


Cén tionchar a bhí ag baint led Erasmus in Utrecht ar do shaol acadúil?  


Mholfainn d’éinne Erasmus a dhéanamh má thugtar an deis dóibh. Bhí sé dúshlánach bogadh go tír eile agus a bheith ag maireachtaint gan mo thuistí don gcéad uair, ach b’fhiú go mór é! Tá cairde agam timpeall na cruinne ón mbliain sin agus d’éirigh liom ana-chuid taistil a dhéanamh díreach roimh an bPaindéim. Dheineas staidéar ar an Léann Ceilteach agus an Tíreolas agus mé ann, agus bhí neart modúl ar fáil san ollscoil ná beadh ar fáil in ollscoileanna na hÉireann. Is dócha gur chabhraigh an neamhspleáchas go mór liom go pearsanta, agus chabhraigh an bhliain go mór leis an CV agam, leis!


Cad iad na hacmhainní a mholfá do scoláirí de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh a úsáid chun a gcuid Gaelainne a fheabhsú?


Tá a lán acmhainní ar fáil ar líne na laethanta seo. Bainim úsáid as Teanglann, Téarma agus Focloir.ie  beagnach na haon lá! Mholfainn leabhar Éamoinn Uí Dhónaill, Gramadach Gan Stró, go mór, chomh maith. Bíonn cúrsaí iontacha ar fail san Ollscoil féin; in Ionad na Gaeilge Labhartha, agus reáchtálann An Chuallacht Ghaelach agus An Cumann Drámaíochta fuílleach imeachtaí, leis!


Cad a bhíonn á dhéanamh agat i gCeanada na laethanta seo?


Táim ag obair anso i dTorontó le dream darb ainm dóibh ICUF; a sheolann cúpla teagascóir go Ceanada gach bliain chun an Ghaelainn a mhúineadh in ollscoileanna na tíre sin agus chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn i measc an phobail áitiúil. Tá seisear againn i gcathracha agus bailte timpeall Cheanada i láthair na huaire. Táimse ag teagasc an chúrsa idirmheánaigh agus an ardranga in Ollscoil Torontó. Chomh maith leis sin, bím ag múineadh ranganna poiblí istoíche agus ag eagrú imeachtaí do mhic léinn agus don bpobal. Nuair nach mbím ag obair, bím ag dul le haghaidh caife, ag spaisteoireacht timpeall na cathrach nó ag taisteal!


Conas gur thit sé amach gur tugadh an deis sin duitse?


Tá an t-ádh orm gur éirigh liom teacht anso i ndáiríribh. Bhíos fé gheasa ag Ceanada agus mé ní ba óige agus bhí spéis agam i scoláireachtaí ICUF ó chuala trácht orthu na blianta fada ó shin. Nuair a dheineas an cinneadh máistreacht a dhéanamh sa pholaitíocht, cheapas ná beinn in ann cur isteach ar rudaí cosúil leis an ICUF a thuilleadh, áfach. Oíche amháin chuaigh mé féin agus mo chara Seán Ó hUallacháin chuig an Abbey Tavern i ndiaidh cruinniú Cuallachta le haghaidh dí agus dúirt sé liom go raibh sé tar éis iarratas a chur isteach go dtí an ICUF. Mhol sé dom ceann a chur isteach chomh maith, ach ní raibh ach cúig lá fágtha agam go dtí an spriocdháta fén dtráth san! N’fheadar cad a bhí sa cheann agam ag an am ach dheineas an cinneadh cur isteach air- agus anois táim anso i dTorontó agus tá Seán féin in New Brunswick!


Cad é an rud is suimiúla faoin nGaelainn i dTorontó?


Is dócha gurb é an rud is suimiúla ná gurb ann di in aon chor! Ní chreidfeá an oiread Gael atá ag cur fúthu sa chathair seo. Tá 178 duine tar éis clárú dos na ranganna poiblí an seimeastar so agus bíonn ana-thóir ar ár gcuid imeachtaí. Tá meascán iontach againn sna ranganna, idir Éireannaigh, daoine le teaghlaigh a tháinig ar imirce ó Éirinn na blianta fada ó shin, agus daoine ná fuil baint ar bith acu leis an dteanga ná an tír. Ní bhíonn an meon diúltach ag muintir Cheanada i leith na teangan a bhíonn ag roinnt daoine aige baile ach an oiread. Dá gcífeadh na héinne aige baile an tsuim atá ag daoine thar sáile inár gcultúr agus inár dteanga, ní bheadh éinne ag rá ná fuil aon mhaitheas léi a thuilleadh!


Tuigim go raibh deis agat óráid a thabhairt faoin nGaelainn os comhair an Oireachtais anuraidh.  Inis dom faoin deis sin. 


Mar mhac léinn polaitíochta, bhíos ar mhuin na muice nuair a tugadh an deis dom dul os comhair Chomhchoiste an Oireachtais le labhairt fén iris Breac anuraidh. Bhíos ar Mheitheal Eagarthóireachta na hirise agus ba dheas a bheith in ann an taithí sin a roinnt le Seanadóirí agus Teachtaí Dála. Ba chosúil go rabhadar ana-bháúil d’iriseoireacht Ghaeilge na mac léinn! Bhí Seán Ó hUallacháin i mo theannta an lá céanna agus nuair a d’fhágamar Teach Laighean, fuaireamair beirt amach go raibh agallaimh fachta againne leis an ICUF!


An bhfuil aon phlean eile agat an Ghaelainn a chur chun cinn thar lear?


Tá fuílleach pleananna agam don gcuid eile de mo thréimhse i dTorontó leis an ICUF. Chuireas Tae agus Plé ar siúl san ollscoil le déanaí agus ba bhreá liom é sin a dhéanamh arís. Chomh maith leis sin, mar bhall de Choiste Gnó agus Fochoiste Forbartha Chonradh na Gaeilge, ba bhreá liom craobh den gConradh a bhunú sa chathair. Ní raibh craobh ghníomhach sa tír le roinnt blianta anois agus ba bhreá liom é sin a athrú. Tá sé ar intinn againn Pop-Up Gaeltachtaí, siúlóidí trí Ghaelainn agus ciorcail chomhrá a reáchtáil, chomh maith. Beimid gnóthach go maith is dócha! 


Go raibh míle maith agat as do chuid ama, a Antóin, is scéal fíor-shuimiúil é sin. Go n-éirí an t-ádh leat leis an dtréimhse atá fágtha agat! 

Previous
Previous

Irish Films: CENSORED

Next
Next

The Importance of Books and the Rise of Bookshops in Ireland