‘Sé 2018 Bliain na Gaeilge: Bígí ag glacadh páirte!

Is rud gár dom’ chroí an Ghaeilge agus táim ar bís go bhfuil sí á cheiliúradh againn i mbliana! Cad a spreag mo shuim sa teanga? Bhuel, b’é an Chumann Luthchléas Gael a spreag suim sa teanga ionam ach go háirithe. Nuair a bhíos ag fás aníos, bhínn ag breathnú ar chláracha cosúil le GAA Beo agus Seó Spóirt go mion minic. Cláracha spreagúla ab ea iad sa mhéid is go raibh oscailt aigne ag TG4. Mar shampla, deántar sár-iarracht chun Peil na mBan a chur chun cinn le craoladh beo ar 17 cluichí in aghaidh na bliana. Ní hamháin san ach baintear úsáid as modhanna nua cosúil le Youtube beo, Facebook beo chun cluichí a chraoladh agus daoine a mhealladh. Thar gach ní eile, b’acmhainn iontach é chun Gaeilge a fhoghlaim taobh amuigh den seomra ranga.Tá fhios ag gach mac máthair go bhfuil an C.L.G ar cheann de na h-eagraíochtaí spóirt is mó sa taobh seo tíre. Is léir do chách go bhfuil tionchar ollmhór ag an gCumann ar ghnéithe den tsaoil. Mar shampla, cuirtear béim agus gan amhras tá baint acu le cúrsaí cultúir. Le déanaí, fógraíodh go mbeidh ról lárnach nua ar fáíl san eagraíocht. Creid nó ná creid, beidh Oifigeach na Gaeilge i mbun oibre ar son ár gcearta teangan. Beidh dlúthcheangal idir an té a roghnófar agus Coiste na Gaeilge chun nasc a bhunú agus a chothú idir baill na gcumann agus teanga bhinn na Gaoluinne. Mar sin, is léir go bhfuil an C.L.G ag gabháíl chuige Bliain na Gaeilge 2018. Chun dul níos doimhne sa sceál, go stairiúil, is mór idir Conradh na Gaeilge sa lá atá inniú ann agus 1893 nuair a bunaíodh é. Bhí Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde mar cheannródaithe agus rinne siad sár-obair ar son ár dteanga dhúchais. B’é sin an chéad athbheochan na teanga in Éirinn agus is mór an trua nach bhfuil a n-iarrachtaí fós le feiscint na laethanta seo. Chruthaigh TG4 feachtas fógraíochta i rith an tsamhraidh. A bhuí leo is féidir le gach éinne úsáid a bhaint as an mana “Tá Gaeilge Agam” ar Facebook. Cuireann an mana san béim ar fhéinfheabhsú na Gaeilge. Is cuma faoi do chaighdeán. Is iad an iarracht agus leanúnachas na rudaí is tabhachtaí.Tugann Bliain na Gaeilge deis dúinn athbheochan eile a chruthú. Ní hamháin sin, tugann bliain na Gaeilge deis dúinn an teanga a cheiliúradh. Tá sé de dhualgas orainn an deis san a thapú. Go liteartha, tá cúig réímse de ghníomhaochtaí ann. Iad siúd: Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas, Cruthaíocht na Gaeilge, Beocht na Teanga, Rannpháirtíocht an Phobail agus Luach ár nGaeltachtaí. Sin ráite, tá cuid mhór de na himeachtaí bainteach le cultúr agus stair na Gaeilge go háirithe le stádas na teanga roimh an athbheochan. Is féidir le gach éinne sracfheicint a thabhairt ar na himeachtaí éagsúla ar line ag www.peig.iewww.snag.ie. Is deacair a shamhlú nach bhfuil ach cúpla mí fágtha sa bhliain 2018. Mar sin, na bí buartha, ní mór duit ach triail a bhaint as! Mas rud é go bhfuil cúpla focail ar do thoil agat, déan iarracht snas a chur ar do chuid Gaeilge. “Beatha teanga í a labhairt” mar a deirtear. Frásaí na Seachtaine: Spóirt

  1. Caid/ Peil Ghaelach – Gaelic Football
  2. Iomáint - Hurling
  3. Peil na mban – Ladies Football
  4. Camógaíocht - Camogie
  5. Sacar - Soccer
  6. Dornálaíocht – Boxing
  7. Peil Mheiriceánach – American Football
  8. Haca - Hockey
  9. Galf - Golf
  10. Rugbaí - Rugby

 

Previous
Previous

The Twilight Zone is back, but did we ever really leave?

Next
Next

Sidebar: Speed Running v. Savouring