Seachtain na Gaeilge 2025 at UCC
Le Isabel Duff, Eagarthóir Gaeilge
Seachtain na Gaeilge shona dhaoibh! Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 24ú lá go dtí an 28ú lá de mhí Féabhra 2025 ar champas UCC agus ar fud na tíre. Ba léir go raibh seachtain gnóthach ag na gaeilgeoirí UCC an tseachtain seo. Rinne an Chuallacht agus Aontas na Mac Léinn obair na gcapall chun réimse leathan imeachtaí a eagrú do scoiláirí UCC gan dabht.
Thósaigh na himeachtaí ar an Luain leis an ‘Fáinne Drive’ lasmuigh don Boole. Bhí daoine ón gCuallacht agus Aontas na Mac Léinn ag tabhairt amach fáinne órga do ghaeilgeoirí. Ba ea an ‘Fáinne Drive’ ceann de na cuspóirí chun an Ghaeilge a spreagadh a bhí ag Catherine Finn, an t-oifigeach Gaeilge i mbliana. Tugann an tionscnamh seo seans do ghaeilgeoirí, gaeilgeoirí eile a aithint. Ní gá duit a bheith líofa chun an fáinne órga a chaitheamh nó an ghaeilge a labhairt ar champas ach an oiread. Nuair a fheicimid an fáinne órga is féidir linn ag labhairt gaeilge eatharthu féin, is cinnte gur spreagann sé seo an Ghaeilge ar champas. Uaireanta bíonn eagla ar dhaoine chun a gcuid gaeilge a úsáid lasmuigh den rang Gaeilge ach is deis iontach é sin chun a chuid gaeilge a úsáíd agus a fheabhsú gach lá sa slí nádúrtha.
Mar is eol do chách, níl Seachtain na Gaeilge eagraithe do ghaeilgeoirí amháín. Is seachtain í seo chun ár gcúltúr a chur chun cinn, agus i ndáíríre is seachtain lán le spraoi í freisin. Bhí réimse leathan imeachtaí ar súil a raibh oiriúincah agus súimiúil do gach saghas scoilaire. Bhí rince seiteanna, ranganna yoga as gaeilge, maidin caife,oíhe scánnan (Spongebob as gaeilge) agus go leor imeachtaí eile ar siúl i rith an tseachtain. Chomh maith le sin, croaladh cláir raidió ar Raidió UCC ar nós an chláir “The Duality of Women” le Stacey Cambridge ina thugann sí ardáin do ghaeilgeoirí UCC amhráin éagsúla a roghnú agus nóta gutha a sheoladh isteach di ag caint as gaeilge faoin ár gcuid amhráin. (Roghnaigh mé “If The Shoe Fits” ón ngrúpa chorcaí Cliffords dar ndóigh!). Feictear domsa go raibh imeacht amháín ann i rith an tseachtain oirúinach do gach scólaire. Cibé an bhfuil suim agat i gceol, scannáin, spórt, damhsa nó ag comhrá, is féidir leat bhur gcaitheamh aimsire a nascadh leis an Ghaeilge sa slí spraoiúil gan amhras.
Ba ea Bál na Gaeilge ceann de na himeachtaí is nótailte a bhí ar siúl tríd an tseachtain. Bhí sé ar siúl san óstan Metropole sa chathair agus ba ea ‘ na seanleathanta’ téama na hoíche. Dár ndóigh, bhí go leor leor caipíní feicthe agam. Bhí atmaisfear deas cairdiúil ann le go leor gaeilge a fheiscint. Cé nach raibh gaeilge líofa ag gach duine, rinne gach duine iarracht agus ba rud draochtúil é. Chaitheamar an oíche ar fad ag damhsa, ag comhrá agus ag ól cúpla pionta Guinness. Bhí an craic agus spraoi againn tríd ár dteanga dhúchais.
Nuair atá an deireadh ráite, bhí seachtain den chéad scoth ag an nGaeilge sa UCC an tseachtain seo. Tá gaeilge fós beo go leor sa lá atá inniu ann. Mar is eol don tsaoil, caithfimid an Ghaeilge a chosaint ach b'fheidir go mbeidh an craic agus spraoi an bhealach is fearr chun é seo a dhéanamh.