Spórt: Níos mó ná caitheamh aimsire

Is fear réasunta óg mé atá ag fulaignt le mórcheisteanna mo shaoil, a leithéidi, scrúdaithe, airgead, fostaíocht, dífhostaíocht agus mar sin de. Ní foláir a rá go bhfuil gnéithe dem shaol a bhraithfinn go mór uaim, dá sciobfaí uaim iad agus nílimse ag déanamh trácht do ghléasanna nua-aimseartha ar nós “Facebook” nó “Snapchat”. Táimse ag tagairt do rudaí I bhfad Éire níos tabhachtaí, sé cursaí spóirt sa lá atá inniú ann i gceist. Tá fhios ag gach mac máthair agus iníon athair cé chomh coitianta é an sport sna meáin cumarasaide le deich mbliana anuas. Is beag oíche a ghabhann thart nach mbíonn ócáid spóirt éigint sa tsiúl ar an teilifís. Go mion minic, bíonn na hócaidí spóirt be oar an mbosca mar a déarfá a bhuí le Sky Sports ag diriú isteach ar na spóirt éagsúla. An gcreidfeá é go bhfuil cainéal do gach aon saghas spórt ag Sky Sports, is buntaiste é sin ó thaobh cúrsaí margaíochta. Cruitheann sé sin ceannceathrú dos na lucht féachana. Mar shampla, d’fhan na ceadta daoine óga tríd dubh agus dall na hoíche chun feachaint ar an babhta bruíne idir Conor McGregor agus Floyd Mayweather. Cé gurb é an chéad cluiche dornalíochta ag McGreoger, bhain Sky Sports $475 miliún as! Figuirí dochredite ab ea iad. Is léir go raibh cúrsaí eacnamaíochta i gceist mar shampla éileamh agus fail agus is léír don dall é go raibh spéis mhór ag an t-aos óg.Ach, bíonn dhá insint ar gach scéal agus b’fheidir go mbeidh daoine airithe ag déanamh neamhní des na roghanna eile atá acu. Sa todhcaí beidh an meath I ndán dos na comhlachtaí eile a leithéidi BT Sports agus Setanta Sport. Tá an rogha chomh leathan agus chomh mhaith i Sky, níl teorainn leis an dul chun cinn atá amach rompu. Sort monaplacht a bheidh i gceist I mo thuaraimse leis an margadh Spórt an an teilifís. Mar sin, is féidir leat a rá go bhfuil taobh gnó agus eacnamaíocht láidir I gcúrsaí spóirt.Ina chinn sin, le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an méid daoine ag glacadh páirt I spórt éigint. Tuigeann an phobail gur rud folláin é an spórt, mar a deir an seanfhocail: “Is fear an tsláinte ná an táinte”. Ina theannta sin, is ní an-luachmhara é an spórt sa mheid is go foghlaimíonn tú scileanna sóisialta ón spórt, mar shampla:

  • Conas comhoibriú le daoine eile
  • Conas glacadh le bua agus cailluintí I gcluichí
  • Ceannairéacht

Thar gach ní eile, is é an rud is fear faoi na scileanna seo ná go mbaineann said leis an saol ginearálta agus nuair a bheadh daoine i mbun oibre. Tá an-t-ádh ag an t-aos ó gar na saolta so go dtuigimid go gcabhraíonn cúrsaí spóirt leis an sláinte mheabhrach. Roimh 2013, ní raibh béim ró-mhór ar conas fadhbanna leis an intinn a réiteach/chabrú. Ach, anois a bhuí le Bressie, iar-pheileadóir idir chontae le Iarmhí agus iar imreoir rugbaí le Cúige Laighean, tá dearcadh agus meon aigne nua anois, Bhíos fhios aige go raibh air saol níos gníomhaí a chaitheamh. Anois tá sé mar ambasadóir don eagraíocht carthannachta Cycle against Suicide agus diaidh ar ndiaidh tá laghdú ag teach tar fadhbanna síceolaíoch in Eirinn. I mbegán focal, is léír go bhfuil I bhfad níos mó ná “ag buchaint” agus “ag cailiúint” i gcursaí spóirt agus táim an bhúioch go bhfuil sé ar cheann des na gnéithe is ansa liom im’ shoalsa.

Previous
Previous

Rihanna’s Fenty Beauty: Everything You Need To Know

Next
Next

Rebels rise once more