Taisteal san Eoraip

Le Orla Leahy


Tar éis uair na paindéime, bíonn an chuid is mó againn ag iarraidh níos mó taistil a dhéanamh, am a chaithfear i gcathracha gleoite, agus áiteanna nua a thaisceáladh. Caitheann an airteagail seo solas ar sé áiteanna áille san Eoraip a bhíonn iontacha do na laethanta saoire.


  1. Dún Éideann 

Mullach na hAlban, is cathair fíor-cháiliúil a bhuíochas as an gcaisleán mór i lár na cathrach. Nuair a shroichfear an chathair, feictear an caisleán dochreidte. Suite ag deireadh den Míle Ríoga, le Holyrood Palace ag an deiridh eile, bíonn an mhíle seo saibhir le stair. Mholfainn turas leis clostreoraí a thógáil sa dá áit, cuirfear trí nó ceithre huaire ar an dtaobh chun na turasanna seo a dhéanamh. Ina theannta sin, bíonn na ‘GuruWalk Free Tours’’ i nDún Éideann den chéad scoth chun níos mó eolais a fháil faoin chathair agus bearta nó firicí fánacha a fhoghlaim faoin Míle Ríoga agus an chathair nua chomh maith, cosúil le scéal Greyfriars Bobby. Ag deireadh an turais, íocfar an méid a cheaptar atá ceart. Mholfainn cuairt a thabhairt ar Ardeaglais St. Giles’ agus Princes Street Gardens tar éis an turais. 

Chun na radharcanna is aoibhinn a fháil don chathair, mholfainn Calton Hill a dhreapadh. Ní thógann sé ach deich nóiméad chun dul suas ar an gnoc sin. Feictear na sean-shéidchomharthaí ar bharr an chnoic, agus bíonn radharc deas ann go Arthur’s Seat. Má bhíonn suim agat Arthur’s Seat a dhreapadh, tabhair leat do bhróga reatha, agus ba cheart cúpla uair a’ chloig a chur go leataobh chun dul suas agus síos an cnoic. Anuas air sin, bíonn radharcanna áille le feiceáil as díon Camera Obscura, tarraingt turasóra le iomhánna optúla ar gach úrlár agus díon spásmhar ar bun. 

Is féidir eitilt go Dún Éideann go fuirist anois, bíonn roinnt deiseanna ann chun lá amháin comhlíontach a chaitheamh sa chathair, nó deireadh seachtaine, nó níos faide. Smaointe eile ná lá a chaitheamh i nGlaschú, cathair nach bhfuil ach dhá uair ó Dhún Éideann ar an mbus. Bíonn roinnt tarraingt turasóra, mar shampla, an Ardeaglais, an Necropolis, Kelvingrove, agus Finnieston Crane. 

Má bhíonn grá don spórt agat, tabhairt cuairt ar Murrayfield i nDún Éideann don rugbaí, agus CelticRangers i nGlaschú. Féach ar Cathkin Park chomh maith, áit ina bhfaightear taise an dara Páirc Hampden. 


Bia: Mholfainn the Scran and Scallie don dinnéar. 


  1. Lyon

Deirtear go mbíonn an chathair seo mar chathair Chorcaí sa Fhrainc, cathair lán le turasóirí ach nach mbíonn ag pléascadh leo, mar a bhíonn BÁC nó Páras, cathair chairdiúil, agus cathair shaibhir is ea í. Cé go dtéann an chuid is mó chuig Páras chun an Eiffel Tower agus an Arc de Triomphe a fheiceáil, bíonn níos mó le déanamh in Lyon, agus i rith an tsamhraidh, bíonn an aimsir dochreidte. 

Gan aon agó, bíonn sé fíor-thábhachtach am a chaitheamh sa Vieux Lyon, an pháirt is sine sa chathair. Faightear na siopaí is suimiúla agus is uathúla ansin. Bíonn Ardeaglais Saint Jean-Baptiste in Vieux-Lyon agus a lán Bouchon, bialanna traidisiúnta Lyonnais ann. Suas Vieux Lyon, seasann an Basilique Notre dame de Fourvière agus an áit álainn Fourvière ina bhfuil an Lugdunum agus taise Rómhánach. Bíonn músaem den chéad scoth ann in aice leis an Lugdunum, deis chun tús go deireadh na Rómhánach i Lyon a fhoghlaim. Tar éis duit bheith ag siúl san Ardeaglais, molaim gur cheart dul in aice na ardeaglaise ag féachaint anuas ar Parc des Hautres chun an radharc dochreidte a fheiceáil.

Bíonn an músaem ag baint leis na Confluences fíorcháiliúil a bhíonn suite in aice leis an ‘Sponge’ agus an ‘Sharpener’, dhá fhoirgneamh speisialta, i gcruth spúinse agus bioróira. Is féidir leat níos mó eolais a fháil faoin anthropolaíocht sa mhúsaem sin. Do scoláirí agus daoine óga atá ag iarraidh dul amach ar oíche shóisialta, faightear an club cáiliúil, Le Sucre, sa cheantar sin chomh maith. 

Bíonn an snámh mar spórt mór sa Fhrainc agus bíonn linne snámha iontacha le fáil sa chathair, go háirithe Centre Nautique Tony Bertrand. Má bhíonn tú ag lorg snámh i loch, tóg an bus chuig Grand Parc Miribel Jonage chun snámh sa loch agus bolg le gréin a dhéanamh ar an trá in aice leis an loch. In aice leis an Rhone sa chathair, in áit Avenue Grande Bretagne, faightear trá bheag chomh maith chun do scíth a ligint.  

Mholfainn daoibh siopadóireacht a dhéanamh in Westfield La Part-Dieu, foirgneamh siopadóireachta ollmhór le gach branda as Adidas go Hollister. Le níos mó ná 200 siopaí le héadaí go troscán go bia, bíonn rud ann do gach duine. 

Má bhíonn suim agat níos mó taisceálaíochta a dhéanamh timpeall na cathrach, mholfainn dul chuig La Fresque des Canuts, Rainbow Stairs, timpeall La Croix-Rousse, La Fresque Végétale Lumière, La Fresque des Lyonnais, agus L’horloge Charvet. Bíonn na freascónna den chéad scoth. 

Do na daoine le suim sa spórt, is féidir leat dul chuig cluiche sacair ag Groupama Stadium, idir Olympique Lyonnais agus foireann eile sa Fhrainc. Bain é sin taithí den atmaisféar iontach sa pháirc le suiocháin do 80,000. Cosnaíonn na ticéidí is saoire €10.


Bia: Mholfainn La République don dinnéar, tá an bhialann seo suite in áit le hatmaisféar iontach.


  1. Beirlín

Is cathair lán le stair thábhachtach é Beirlín gan agó. Mholfainn do dhuine taighde a dhéanamh roimh thuras chuig Beirlín. Anuas air sin, mholfainn dul chuig an TV Tower agus ticéidí a fháil chuig barr an TV Tower chun féachaint ar an gcathair agus na háiteanna is suimiúla duit a fheiceáil sula aon thurasóireacht timpeall na cathrach. Bíonn radharcanna iontacha ann, go mór mór ag deireadh an lae nuair a bhíonn an ghrian ag dul síos. Is féidir leat féachaint ar an gcathair i rith an lae, agus ag deireadh an lae, agus san oíche chomh maith. Ar aon tslí, ceaptar go bhfuil na háiteanna seo  ar na cinn is tábhachtaí chun cuairt a thabhairt orthu:

  1. Ardeaglais agus Oileán an Mhúsaeim

Áit spásmhar le roinnt músaem,agus  faightear rud éigin do gach duine anso. 

  1. East Side Gallery

An píosa is faide a bhíonn ina sheasamh de Fhalla Bheirlín. Is féidir siúl in aice leis agus an ealaín a bhíonn ar na fallaí a fheiceáil. Cíoscháin shocht is ea é. 

  1. Geata Brandenburg

Na geataí móra a bhí mar shlí isteach sa phálás a bhí ann uair amháin. 

  1. Reichstag

An pharlaimint i mBeirlín. Tógáil do phas nó cárta ionnannais chun dul isteach agus go dtí barr an fhoirgnimh. 

  1. Victory Column

Is féidir leat dul isteach sa Victory Column, séadchomhartha a cuireadh suas tar éis an cogaidh idir an Dainmhairg agus an Phrúis a chríochnaigh sa bhliain 1964. 


Má bhíonn tú ag lorg ionad siopadóireachta, téigh chuig ceantar Alexanderplatz agus faightear roinnt siopaí de gach sórt ansin. Áit eile nach raibh am agam dul chuige, faraor ab ea an Olympiastadiom, áit a bhí tógtha do na Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 1936 agus a atá mar chuid den Olympiapark sa lá atá inniu ann. 


Bia: Mholfainn Beimesterei by Lemke, áit comhaimseartha an-ghar d’Alexanderplatz. 


Smaointe Eile 

An raibh a fhios agat nach bhfuil Prág ach ceithre huaire ó Bheirlín ar an dtraein? Cathair ghleoite le foirgneamh áille, sráideanna lán le siopaí caife agus siopaí turasóireachta. Bíonn an abhainn Vltava an-oiriúnach do na báid agus na turasanna timpeall na cathrach, faoi Charles Bridge agus na droichid eile.


Áit eile is ea Brugge, atá cáiliúil as a habhainn agus a canáil. Mholfainn go hard na spéire am a chaitheamh sa chathair seo má bheidh tú sa Bhrúiséil nó sa Bheilg. Bíonn bialanna deasa, agus a lán siopaí seacláide agus bocairí timpeall an cheantair. Ní bhíonn sé ach uair an chloig as an mBrúiséil. Is minic a fheicfear banna ceoil ag seinm ceoil den scoth ar na sráideanna. 


Ag deireadh an lae, tá a lán áiteanna áille agus gleoite an-ghar dúinn anso in Éirinn. Mholfainn gach cathair go hard na spéire, má bheidh tú ag lorg turas don deireadh seachtaine amháin nó na laethanta saoire fiú. 


Má bhíonn moltaí taistil agat féin, is féidir leat íad a sheoladh chugam d’alt eile a bheidh agam níos déanaí sa bhliain. Is deacair Corcaigh a shárú, áfach. 


Previous
Previous

Getting into Gaming: a Guide for Broke College Students 

Next
Next

One Pot Warmers