Taisteal san Eoraip - Cuid 2, An Fhrainc, An Eilvéis, An Iodáil

Le Orla Leahy

I gcuid a haon den aiste ‘Taisteal san Eoraip’ cúpla mí ó sin, bhíos ag caint faoi Lyon, cathair ghleoite a deirtear go minic atá mar chathair Chorcaí de chuid na Fraince. Tá súil agam go spreagann an chuid seo do chuid pleananna taistil i mbliana. 



Áiteanna Áille sa Fhrainc


Thóg mé eitilt ar ais go Lyon roimh Nollaig, agus an deireadh seachtaine sin, chuamar ar thuras timpeall réigiún amháin, Auvergne Rhône-Alpes. Molaim duit turas cosúil leis seo a dhéanamh má bhíonn tú sa réigiún seo de chuid na Fraince.



  1. Bus chuig Annecy


Deirtear go mbíonn Annecy mar Veinéis de chuid na Fraince, cathair álainn lán le canálacha, droichid, agus sráideanna draíochta. Bhí gach uile shráid agus gach uile chosán go haoibhinn ar fad, na foirgnimh ag pléascadh le gach dath a fheictear i mbogha báistí. Molaim duit siúlóid a dhéanamh timpeall na cathrach sin chun an méid seo a fheiceáil.


  1. An Loch


Tá loch ollmhór ag deireadh na canála agus na habhann. Bíonn roinnt binsí ann chun suí; is féidir leat sos a thógaint in aice an locha agus féachaint ar na sléibhte agus ar na héin. Is ann atá Pont des Amours, chomh maith. 


  1. Vielle Ville


Bíonn an Vielle Ville, nó an Seanbhaile, mar an gcuid is aoibhne sa chathair, lán le díoltóírí sráide agus stallaí margaidh, chomh maith le bláthanna agus plandaí den scoth.


  1. Palais de l’île


Bhí sé seo mar chaisleán agus phríosún uair amháin, ach tá sé mar mhúsaem ealaíne agus staire na laethanta seo. Tá an foirgneamh seo suite ar chanáil amháin.


  1. Le Pâquier


Tá páirc álainn in aice na habhann le radharc maith ar na sléibhte anso.


  1. Caisleán


Tá caisleán meánaoiseach suite ag barr na cathrach le radharc iontach ar an gcathair. 



  1. Traein chuig Annemasse



Ní cathair mhór í Annemasse, ach tá sé go deas le roinnt bialanna agus clubanna do scoláirí agus do dhaoine eile. Molaim duit tamall a chaitheamh in Annemasse mar áit chun stopadh ann ar do shlí chuig Chamonix. Is suimiúil gurb é Annemasse an áit is mó sa Fhrainc atá dlúth leis an Eilvéis. 


3.Traein chuig Chamonix


Is féidir leat traein a thógáil as Annemasse chuig Chamonix, an áit is áille ina raibh mé sa Fhrainc riamh. Feictear meascán sléibhte ann; Mont Blanc ina measc. Bíonn roinnt sneachta ar na sráideanna. Is rud aoibhinn é siúlóid a dhéanamh timpeall na cathrach. Bíonn gach foirgneamh difriúil óna chéile, agus feictear roinnt chalets nó seallaí mar déarfá ina theannta sin. 


Bíonn roinnt músaem ann chun níos mó eolas staire a chur ar fáil ach is é an rud is annamh is iontach mar a deirtear. Bíonn traein ann chun dul isteach sna sléibhte, chuig ardán a thógáil ann le siopa, tigh itheacháin, agus músaem faoi stair na leice. 


Deirtear go bhfuil an taithí seo mar Mer de Glace. Ní fhaca mé radharc cosúil leis sin riamh, na sléibhte is iad coinnithe le sneachta agus spéir chomh soiléir sin. Is féidir leat bus a thógáil díreach ar ais go Lyon chun eitilt a thógáil abhaile le hAer Lingus. 


Bia: Níl aon bhricfeasta chomh Francach agus chomh fiúntach mar an mbricfeasta in Josephine’s in Chamonix. Faightear macarons den chéad scoth is de gach saghas blas ó Anncy Chocolatier, Chamonix chomh maith!


An Eilvéis 


  1. An Ghinéiv


Is cathair fhíor-speisialta í an Ghinéiv. Bíonn roinnt mhaith páirceanna chun caitheamh aimsire bheith ag duine, agus bíonn na foirgnimh go hálainn ar fad. Bíonn an liosta seo mar chuid shuntasach don chathair. 


  1. An Scardán


Bíonn an Scardán ar an loch fíor-cháiliúil. Is le seisear pinsinéirí an Scardán, agus is féidir leo é a chur ar siúl nó a stopadh más mian leo. I rith na hoíche bíonn sé lasta dearg; rud dochreidte atá le feiceáil, go mór mór ag barr an rotha mhóir!


  1. Ardeaglais Naomh Pierre


Bíonn an Ardeaglais seo mar fhoirgneamh cumhachta. Is féidir leat dul síos faoin ardeaglais chun an suíomh seandálaíoch a thaisceáladh. Tá an ardeaglais ann le fada agus is taithí iontach é an suíomh a fheiceáil agus na físeáin atá ag baint le seandálaíocht san áit sin, chomh maith. 


  1. Bain des Pâquis


In aice leis an Scardán, bíonn píosa talaimh ag síneadh amach sa loch. Ar an gcosán so, faightear fondue  nó fondú blasta i mbialann amháin, agus faightear folcadh cáiliúil - an folcadh Turcach. Is féidir leat dul ag snámh sa loch ón bpointe seo; rud a mholaim gan amhras!


  1. Parc des Bastions


Sa pháirc álainn seo, faightear an falla cáiliúil - The Reformation Wall. Ar an bhfalla seo, tá inscríbhinn agus snoíodóireacht na leasaitheóirí is mó. 


  1. Palais des Nations


Is rud iontach é seasamh os comhair an fhoirgnimh láidir seo, le bratach gach tír a bhíonn sa Náisiún Aontaithe a fheiceáil. Cloistear rudaí maithe faoin gcuairt timpeall an fhoirgnimh, ach molaim duit é a chur in áirithe cúpla mí roimh do thuras chuig an nGinéiv. Bíonn éileamh ollmhór ann. Os comhair an fhoirgnimh, faightear an Broken Chair, rud atá mar shiombal de leochaileacht agus neart, neamhchinnteacht agus bhuanseasmhacht, bhrúidiúlacht agus dhínit. 


Molaim do dhuine siúlóid timpeall na cathrach a dhéanamh chomh maith chun na rudaí seo leanas a fheiceáil, cloig na mbláthanna, Brunswick Monument, Monument National, Basilica Notre Dame agus Place de Bourg de Four. Bíonn na háiteanna seo amuigh san aer go hálainn chun sos a thógáil ann agus sult a bhaint as an nádúr, île Rousseau, Baby Plage, Quai du Mont-Blanc, agus Promenade sur les Quais. Is suimiúil go mbíonn Mont Blanc le feiscint anseo agus in Chamonix, mar atá luaite thuas.  


2. Montreux


Bíonn Montreux suite uair a’ chloig ar an dtraein ón nGinéiv, agus bíonn an turas traenach go haoibhinn ar fad, le radharcanna dochreidte ar Loch na Ginéive. Nuair a shroichtear Montreux, is fíor a rá go mbaineann an loch agus an méid atá mórthimpeall an locha d’anáil díot.


Níl sé riachtanach níos mó ná lá amháin a bheith agat in Montreux, agus molaim duit dhá rud a dhéanamh an lá sin in Montreux. Ar dtús, bíonn an Caisleán de Chillon fíor-speisialta, caisleán meánaoiseach; cosúil le Caisleán d’Annecy a luaigh mé thuas. Bíonn sé suite ag tuaisceart an locha, is caitheann duine a chuid súl ar an uisce ón gcaisleán. Bíonn an treoraí cluaise mar áis den chéad scoth chun an caisleán a thaisceáladh. An pháirt is fearr liom is ea an stair agus an tsiúlóid go dtí geata an chaisleáin. Bíonn na radharcanna dochreidte ar fad. Bíonn an caisleán suite uair a’ chloig as an mbaile, ar na cosáin in aice an locha, nó cúig nóiméad ar an dtraein; a bhíonn ag imeacht gach uair ar bhuille na huaire. 


Tar éis sin, is rud iontach é taithí an bhanna cheoil, Queen, a scrúdú. Deineadh roinnt mhaith dá gcuid n-albam a thaifeadadh in Montreux, i bhfad amach ó shúile an phobail i Londain Shasana. Ní thógann sé ach uair a’ chloig chun dul timpeall na háite: an taithí, na póstaeir a léamh agus na físeáin a fheiceáil. Foghlaimíonn na turasóirí a lán faoin mbanna agus a gcuid ceoil is oibre as an dtaithí seo, gan aon agó. 


Bia: An bhialann is fearr san Eilvéis gur chuaigh mé ann ab ea Buvette des Bains ar Bain des Pâquis sa Ghinéiv. 


Milano 


Tá Milan nó Milano suite san Iodáil. Is cathair iontach í, saibhir le stair agus foirgnimh áille. Is deas an rud é siúil timpeall chun na suíomhanna seo a fheiceáil; Basilica di Sant’Ambrogio; Teatro alla Scalla; Sempione Park; Arco della Pace; Bosco Verticale agus Chiesa di San Maurizio al Monastero Maggiore. 

Bíonn Navigli mar áit iontach chun bia agus deochanna a fháil. Má tá suim agat sa tsiopadóireacht, molaim duit am a chaitheamh ag siopadóireacht agus siopdóireacht na bhfuinneog in Galleria Vittorio Emmanuelle II a dhéanamh. Bíonn roinnt mhaith píosaí ealaíne ón Athbheochan ann mar shampla Il Cenacolo, an Suipéar Déanach le Da Vinci, nó i gCaisleán Sforzesco,  tá an dealbh dheireanach de Michelangelo, Pietà Rondanini, le feiceáil ann. Má bheidh ticéidí agat don chaisleán, beidh tú ábalta an Pietà a fheiceáil, ach bíonn sé níos deacra an Suipéar Déanach a fheiceáil. Molaim duit do thicéidí a cheannach ar líne chomh tapaidh is atá fhios agat go mbeidh tú ag dul chuig Milano. An rud is fearr liom in Milan is ea an Ardeaglais, an Duomo. Molaim duit ticéidí a fháil chun dul chuig díon na hardeaglaise. Ní dhéanfaidh tú dearúd ar an ailtireacht go deo. D’aon leantóir peile, ní mór turas chuig an San Siro a eagrú nó dul go cluiche sacair mar thaithí den chéad scoth. Bíonn slua nde 80,000 duine sa San Siro is é lán go béal nuair a bhíonn AC Milan nó Inter Milan ag imirt.  

Bia: Bíonn an bia san Iodáil fíor-bhlasta agus molaim Ratanà, bialann den chéad scoth gan amhras. Molaim duit gelato a cheannach i siopaí gelato timpeall na cathrach chomh maith. 

Bain súp as do chuid taistil i mbliana, ach ná déan dearúd ar cé chomh hálainn is atá ár dtír féin, agus molaim duit am a chur ar leataoibh chun níos mó taistil a dhéanamh timpeall na tíre seo, chomh maith. Bliain nua fé mhaise dhaoibh ar fad, a chairde.  


Previous
Previous

GIG CORNER

Next
Next

Pokémon Scarlet and Violet Aren’t as Bad as You’ve Heard