Todhchaí na teangan - i lámha Snapchat?

Ní féidir a shéanadh ach go mbuaileann spadhar dream mór daoine nuair a chloistear an focal ‘Gaeilge’ . Dar leo, ainmfhocal is ea í atá baint nach beag aici le nithe diúltacha, ó leithéidí Pheig Sayers bhocht, an Ardteist, go cur amú airgid an cháiníocóra. A mhalairt ar fad atá fíor dom féinig. Chun an fhírinne a admháil, is siombail í an teanga dem’ chuid cuimhní cinn thar na blianta,  siombail d’ár dtírghrá, ‘is siombail d’ár n-oidhreacht í. Is mise Róisín Nic Liam agus scoláire Teangacha Domhanda anseo i gColáiste Ollscoile Chorcaí is ea mé. D’fhreastalaíos ar gach gné den oideachais trí mheán na Gaeilge, ó laethanta an naíonra go dtí mo chuid ama is déanaí thall i nGaelcholáiste Choilm. In ainneoin go raibh ardmheas agam ar an teanga ó bhíos sa chliabhán, ní raibh an ‘grá’ ceart agam d’ár dteanga dúchais ach le blianta beaga anuas. Sin a bhuíochas lem’ mhúinteoir Gaeilge Iníon Uí Chonaill le linn aimsir na meánscoile – bean a bhí chomh craiceáilte i ndiaidh na teanga gur roinn sí a paisean ‘is a grá linn i mbealach a bhí beagnach i ngan fhios dúinn. Feictear domsa gur spreag a cuid ranganna sinn - rud a chur tús leis an ngrá ‘míchlúiteach’ atá agam d’ár dteanga. Ba é an craic, an spiorad agus an spraoi le linn na ranganna a mhúscail mo chuid suime chun dul chun na Gaeltachta ag oibriú mar cheannaire.  Is beag a cheapas um an dtaca san go mbeadh mo phaisean don teanga fé bhláth ar feadh na mblianta ina dhiaidh, ‘is go mbeadh sraith deiseanna dodhearmadta leis an nGaelainn romham buíochas leis. An ceann is fearr ná an deis a bhí agam a bheith mar ‘blogger’ Gaelainne ar Snapchat, ag roinnt mo phaisin leis na mílte scoláire meánscoile ar fud na tíre.Cuireadh tús lem’ aistear ar snapchat an Samhradh a d’imigh seo tharainn. Agus mé díreach tar éis filleadh ó mo tharna bliain ag oibriú i gCorca Dhuibhne, bheartaíos ar ghairm a shocrú dom’ laethanta sa Choláiste. Chuir mé isteach ar phost i gcoláiste teangacha den scoth dárb ainm ‘Essential French’ – scoil a chuireann ranganna breise don Ghaelainn ‘is don Fhraincis ar fáil do dhaltaí meánscoile. Le linn an agallaimh a bhí agam, bhíos ag tagairt dom’ chuid taithí ó thaobh na teangan. Cúpla scéal ina dhiaidh, bhíos fágtha le cinneadh a dhéanamh an cúntas Snapchat Gaelainne a chur im’ lámha féin. ‘Sé an aidhm atá ag an gcuntas seo ná ábhar úsaideach a chur ar fáil do scoláirí ón gcéad bhliain díreach suas go daltaí Ardteiste. Ach gan amhras, ní hé sin amháin a bhíonn air - teastaíonn uaim an Ghaelainn a mhúineadh dóibh i mbealach spraíúil. I ndeireadh na féide, b’shin é an tslí ar d’fhoghlaimíos féin í.Idir mo Mham ag rith ar fud na háite ag canadh, ag damhsa ‘is ag caitheamh fo-éadaí mórthimpeall an tí ‘is í ag iarraidh suime an aosa óig a mhúscailt, agus mo chlann ar fad ag cruthú ruaille buaille, tá an cuma ar an scéal go n-aithnítear Muintir Mhic Liam mar theaghlach craiceáilte timpeall na tire. Níos minice ná a mhalairt cuirtear an Ghaeilge , scrúduithe, agus staidéar le chéile lámh ar lámh. Mar sin, is iontach an rud é an cúntas beomhar seo chun na Gaeilge a fhoghlaim ‘is snas a chur uirthi. Ar aon le san, déanann sé maitheas don theanga í a léiriú mar rud taitneamhach agus idirghníomhach.Le breis ‘is 40 míle duine ag breathnú ar an dá chuntas snapchat (an ceann Gaelainne agus an ceann Fraincise) gach seachtain, ní nach ionadh gur tharraing cuntas ‘EssentialIrish’ aird na meáin le gairid. (Gan trácht ar aird déagóirí ólta ‘is iad amach ar an rágus sa chathair!).  Tuairiscíodh é sa ‘Sunday Business Post’, ‘the Irish Times’ agus san ‘Irish Independent’, rud a chur go mór le spreagadh comhlachta Essential French a leithéid de rud a chur chun cinn. Chuireas tús le ‘EssentialIrishLite’ le linn na seachtaine, cuntas agus feachtas eile atá dírithe ar na héinne - ó pháistí bunscoile go pinsinéirí - nach bhfuil ach an cúpla focal acu. Ceachtanna bunúsacha agus sultmhara a bheidh ar súil gach ré lá atá i gceist.Mar fhocail scoir, nuair a chuirtear an cheist orm maidir le todhchaí na teangan, táimse in ann freagra dóchasach a thabhairt dóibh. Chomh fada is go bhfuil an Ghaelainn i mbéal an phobail agus i lámha na meán sóisialta,  tá todhchai geal i ndán di. Ní hamháin in Essential French/Irish a chreidtear a leithéid. Is cuid dínn féin í an Ghaeilge - cuid d’ár n-oidhreacht, is cuid d’ár síce í. Tá comharthaí an dóchais le feiceáil má osclaimíd ár súile. Labhraimís  le chéile í.

Previous
Previous

Lions Tour Calling for UCC’s Falvey

Next
Next

Cup Stacking to be Made Official Olympic Sport in 2020