Traidisiúin Nollag na hÉireann
Le Caitríona O'Connell Tá a fhios agam go mbeidh roinnt agaibh ag féachaint suas chun na bhflaitheas agus an Nollaig á lua agam chomh luath sin i mí na Samhna, ach is í an Nollaig an t-am is fearr liom sa bhliain agus tá sceitimíní an domhain orm faoi cheana féin! Is breá liom an t-atmaisféar, na carúil, na sceitimíní a bhíonn ar gach éinne, na maisiúcháin, an bia agus an t-am a chaitear le cairde agus leis an muintir i rith na tréimhse. Tá an-chuid nósanna agus traidisiún ag baint leis an Nollaig in Éirinn, roinnt acu sean, roinnt atá fós á ndéanamh agus roinnt acu atá nua go leor. 8ú Nollaig De réir traidisiúin le 50 bliain nó mar sin, seo é an lá go dtagann gach éinne lasmuigh de Bhaile Átha Cliath chun na cathrach chun an tsiopadóireacht a dhéanamh don Nollaig. Tá an scéal amhlaidh maidir le Corcaigh, chomh maith. Chomh maith leis sin, deirtear go mbeadh mí-ádh ort dá gcuirfeá an crann Nollag suas roimh an 8ú Nollaig, ach le blianta chuirtear an crann suas roimhe sin, dar ndóigh. Coinnle san fhuinneog Is minic a fheictear coinnle i bhfuinneoga tithe timpeall na hÉireann. An príomhfháth a chuirtear coinnle san fhuinneog is ea, dar le tuairim choitianta an phobail, le baint fáilte a chur roimh stráinséirí agus roimh thaistealaithe teacht isteach sa bhaile sin i rith na hoíche. Deirtear níos faide siar sa stair, gur ag cur fáilte roimh an Spiorad Naomh a bhí sé agus muna raibh coinnle ann, gur chosúil leis an tábhairneoir nár lig Muire agus Iósaf isteach sa teach ósta a bhí sa duine. Úsáidtear trí coinnle chun Muire, Iósaf, agus an Leanbh Íosa, a thaispeáint agus ní chuirtear an doras fé ghlas chun ligint dóibh teacht isteach nuair a bhí an teaghlach ina gcodladh. Míniú eile is ea gur thaispeáin na coinnle gur theaghlach Chaitliceach a bhí sa teaghlach sa tigh agus chun fáilte a chur roimh an sagart áitiúil aifreann a rá sa tigh nuair a bhí na Péindlíthe i bhfeidhm in Éirinn. Lucht an Dreoilín Sean-traidisiún atá ann chun go mbeadh an dreoilín ar siúl ar Lá an Dreoilín. Téann sé thar n-ais go dtí an uair ina maraítear fíor-dhreoilín agus iompraítear timpeall é i sceach chuilinn. I dtús báire, measadh gurbh é an dreoilín “Rí na nÉan” dar leis naPágánaigh ach ansin ghlaoigh na Caitlicigh “Éan an Diabhail air. Deirtear gur thréigh sé an mairtíreach San Stiofán agus de bharr sin le baint maraítear dreoilín ar Lá ʼle Stiofán. Tarlaíonn roinnt mórshiúlta fós sa lá atá inniu ann, ach gan an dreoilín a bheith i láthair. Gléasann daoine suas uaireanta chun go bhféachfaidh siad cosúil le héan (go coitianta i gculaith thuí). Téann daoine ó thigh go tigh le slat mhór agus cuileann ceangailte leis an mbarr, ag canadh amhrán mar gheall ar dhreoilín. Chuireadar ceol leis uaireanta do mhuintir na dtithe a rabhadar ag tabhairt cuairte orthu. Maisiúchán Cuilinn Is in Éirinn a thosnaigh an nós chun fleasc cuilinn a chur ar do phríomhdhoras. Nuair a bhí na Sasanaigh i gceannas ar Éirinn, ní raibh mórán airgid ag na hÉireannaigh chun maisiúcháin a cheannach don Nollaig agus mar sin d’úsáideadar an méid a bhí mórthimpeall orthu go nádúrtha. Creidtear dá mbeadh a lán caor ag duine go ndéanfadh a leithéid ana-mhaitheas dóibh is go mbeadh níos mó áidh i ndán dóibh san Athbhliain. Nollaig na mBan: Tarlaíonn an ceiliúradh seo ar an 6ú Eanair, agus go traidisiúnta bheadh lá saor ag na mná go léir ón obair tí agus déanfadh na fir an obair go léir, ag déanamh na mbéiltí agus ag ligint dos na mná a scíth a ligint tar éis an obair go léir a thagann le tréimhse na Nollag. Cuireann an lá seo deireadh le tréimhse na Nollag, chomh maith.