Uasdátύ na Breatimeachta

Ní éasca an rud é scríobh mar gheall ar Bhreatimeacht, mar is rud í a n-aithríonn gachlá. Mar san is grianghraf é an t-alt a leanann den phraiseach mar a bhí sé ar an lá a sheol méan airticil so chun a bheith clóite. Le san ráite, caithfidh mé aghaidh a thabhairt do Pharlaimintna Breataine ag Westminster, agus í tar éis a bheith díscortha. Nith atá cinnte dearfa in éadanle daonlathas iartharach mar a thuigimid é, dhein Boris Johnson (Taoiseach an RíochtAontaithe) cinneadh an Parlaimint a díscor ón Naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Agus lá nacinniúna ag druidim leis an Ríocht Aontaithe, is dáinséarach an rud é stop a chur leis andíospóireacht a bhí ag dul ar aghaidh sa pharlaimint ar téarmaí na Breatimeachta. Dar leJohnson tá sé ag obair ar son an phobail ach tá an tromlach caillte aige le laethanta anuas ónam a thug sé bata agus bóthar dos na ‘reibiliúnaigh’ a chaith vóta i ndiaidh an partaí.Is cúis bhrón dom é go bhfuil rialtas na tíre san ag dul go hiomlán i gcoinne nanoirm mar gheall ar an slí ina oibríonn an córas mar a thuigimid é. Ba bheag nár amhlaidh dúinnin Éirinn má fágann siad gan cúlstad nó gan margadh ar bith a bheith ann, agus is thar a bheithdíomách an rud é an easpa díospóireachta atá ann a fheiceáil. D’fhéadadh sé a bheith inatubaiste dar liom má dheintear na cinnithe gan morán ceapadh tugtha dόibh. 

Previous
Previous

Greetings and Salutations

Next
Next

The Evolution Of Bon Iver