Úna-Minh Kavannagh: Aoí Fé Agallamh

Writes Hugh O'Reilly Fitzgerald - Irish EditorIriseóir agus guth láidir i saol na Gaoluinne ar líne is ea Úna-Minh Kavanagh. Rugadh in Hanoi,Vítneam í i 1991 ach is cinnte gur Ciarraíoch í tríd tríd. Uchtaíodh í agus í sé seachtain d’aoisagus thug a máthair singil cróga abhaile í go Trá Lí, an áit ina fhoghlaim sí a teangamáithreacha, an Ghaoluinn. B’in í an Ghaoluinn teanga an tí de dheasca an áit as a tháinig aseanathair: Báile na nGall i gCorca Dhuibhne. Scríobh sí leabhar le déanaí agus tá sí an-ghafaleis an gcuir chun cinn atá i gconaí bainteach le seoladh leabhair. Thóg sí ábhairín ama amachas an sceidil gnóthach atá aici na laethanta san chun cainte liom.Chuireas ceist uirthí i dtosach báire fén leabhar. “Tá ag éirí go maith leis” a d’inis sí liom “Níraibh ach trí mhí agam chun é a chur le chéile agus bhí ana-bhrú orm, ach bhaineas go leor sultas.” Fiú má’s rud é nach raibh ach trí mhí aici is léir go bhfuil an-chuid molta tuillte aici sathréimhse gairid atá sé tar éis a bheith á dhíol. Fuair sí cuireadh chun labhairt ag an gCéadFéile Litríochta thiar sa Daingean i mbliana. Is cinnte gur phróiséas faidéalach a bhí ann, achdhein sí an beart “Tá foighne de dhíth faoina choinne agus caithfidh tú aird choinneáil ar anngnó.”Bhí óige suimiúl aici cinnte dearfa ag fás aníos i dTrá Lí mar dhuine ó chúlraneamh-thraidisiúnta Éireannach: “Nuair a bhíos níos óga, cinnte sheasas amach i dTrá Lí” amhínigh sí dom “uaireanta bhí san deacair domsa a thuiscint toisc go rabhas, i mo thuairimse,cosúil leis na leanaí eile ar scoil. An t-aon difríocht ná gur duine de dhath mé.” D’fhreastal sí arscoil lán-ghaeilge i dTrá Lí agus b’in í an t-aon dalta amháin le craiceann donn, rud nár churisteach nó amach uirthí formhór an ama.“Do chualas rudaí amaideacha cúpla uair fé mo shúilenó caiteadh maslaí cine sa chlós ach bhíos in ann déileail leis.” D’éirigh sé níos measa nuair abhog sí go Baile Átha Cliath, a dhúirt sí liom, agus tá sé deacair di bun nó barr a dhéanamhde toisc go bhfuil “sochaí ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha againn anois in Éirinn.” Cíonn sí ganagó go bhfuil “cloch sa mhuinchille ag [lucht an ciníochais] do dhaoine cosúil liom fhéin atá‘difriúl’.” Is léir go n-éiríonn sí bréan dos na ceisteanna uilig féna féiniúlacht agus den ciníochasleis. “Ídíonn sé an neart atá sa chorp” a ádmháileann sí.Gan amhras, tá sár-obair á dhéanamh ag Úna-Minh ó thaobh na Gaoluinne de comh maith. Isbhean mhór cluichí ríomhaire í, agus ‘sé an rud a dheineann sí ná go mbíonn sí agbeo-chraoladh na cluichí agus í ag imirt thairis suíomh darbh ainm Steam. Is í Úna-Minh ant-aon dhuine amháin atá a dhéanamh i nGaoluinn binn um an dtaca seo. “Chonacthas nachraibh éinne ag beo-chraoladh ar Twitch I nGaoluinn” a dúirt sí liom “agus mar sin dheineas ancinneadh chun trial a bhaint as.”Bíonn líon mhór dhaoine ag faire ar na ‘streams’ a dheineann sí, agus is léir gur slí éifeachtaché an Ghaoluinn a chur chun cinn.” Ba mhaith leithí nithe a bhaineann leis an nua-aois agus anteicneólaíocht a chur amach ar líne as a teanga dúchas chun rudaí a chur le fáilt don ghlúin óg,is fiúntach é, dar leithí “fiú muna bhfuil toradh le feiscint ar dtús.”Cruthaíonn Úna-Minh físeáin leis ar Youtube a bhaineann le ábharacha éagsúla ar nós aníostachais agus sealgaireacht feamainne. Is é an sprioc atá aici “stuif neamhghnách a chruthú”atá suimiúl do líon leathan daoine ó chúlraí difriúla.Tá blag iontach taistil aici lena máthair, ina léiríonn an beirt acu conas taisteal go héifeachtach,ó thaobh an airgid agus an ama de. Tá meas an-mhór ag Úna-Minh ar an sean-dhream, amáthair agus a seanathair ach go háirithe. Nuair a cheistíos fé na rudaí a d’fhoghlaim siaduathú beirt, d’inis sí liom go raibh “ceann dos na ceachtanna is tábhachtaí” a d’fhoghlaim síuathú “ná gan a bheith chomh dáiríre píre fé gach uile rud.” Mhínigh sí nach “gá dhuit é a ligintfén gcroí ort” agus “bíodh meas agat ar do cheannsa

Previous
Previous

INTERVIEW WITH NUI 2020 SEANAD CANDITATE MICHELLE HEALY

Next
Next

Rebecca Vincent, UK Bureau Director of Reporters Sans Frontieres