25 Bhliain de Riverdance - Ag dul ó Neart go Neart
Le Orla Leahy
Cén duine nár chuala faoi ‘Michael Flatley - Lord of the Dance’? An bhliain seo, cheiligh rinceóirí Riverdance 25 bliain (2 bhliain déanach tar éis na paindéime) le cheiliúradh den chéad scoth, in amharclann Gaiety i mBÁC, agus sa Marquee i gCorcaigh. Chuaigh mé chuig an taispeántas seo i mBÁC i rith an tsamhraidh. Déanann an t-alt seo plé cuimsitheach ar an gceiliúradh céanna.
Stair Riverdance
Tarraingíodh físeán faoi stair an damhsa dúinn, ag tosnú le sampla den chéad Riverdance, seacht nóiméad den rince ag an Eoraifís i mBÁC sa bhliain 1994. I 1995, tosaíodh taispeántas nua i mBÁC. Chuaigh an taispeántas ó neart go neart sna blianta tar éis sin, bain é sin i Nua Eabhraic i 1996, agus bronnadh Grammy ar Bill Whelan faoin a albam Riverdance do ‘Best Musical Show Album’ sa bhliain 1997. Bhí an taispeántas ag fás go hollmhór, le dorais oscailte i Seapáin agus tíortha eile as 1999 amach. I 2002, cheiliúradh cúig mhíle taispeántas le taispeántais speisialta i nDún Éideann agus i Meiriceá.
Taispeántas Speisialta
Bhí an amharclann lán le daoine, bhí gach mac máthar agus iníon athar ann chun an ceiliúradh speisialta seo a fheiceáil. Thosaigh an taispeántas le rithim an cheoil fhollasacha do Riverdance. Tháinig amach na rinceoirí gléasta i nglas agus dubh, ag seasamh i bhfoirm chumhachta chun taispeántas niamhrach a thabhairt dúinn. Bhain mé fíor-thaitneamh as an ócáid, a bhuíochas don bhhoireann iontach, Bill Whelan, Moya Doherty, John McColgan, agus gach duine eile a bhí ag cruthú an taispeántais, Amy Mae Dolan, Anna Mai Fitzpatrick, Will Bryant, Fergus Fitzpatrick, agus gach rinceoir eile, Mark Alfred, Haley Richardson, agus gach ceoltóir eile a bhí ag cruthú an taispeántais. Bhí deich as a deich ag gul do gach duine ag cur an taispeántas ar fáil, bhí sé thar barr ar fad.
Gníomh 1
D’oscail na ceoltóirí agus na rinceoirí an taispeántas le gCrann Timpeall na Gréine, foirm láidir chosrach acu sa chéad radharc. Bhí an lucht éisteachta faoi dhraíocht an radhairc dochreidte seo. Sa dara radharc, tháinig amach bean le coróin agus coinneal. Thosaigh sí ag canadh, amhrán corraitheach, Glao an Chroí. D’athraigh an t-atmaisféar go luas lasrach, le rince faoi gCuntaois Cathleen, rince trom agus láidir. Lean an gníomh seo ar aghaidh, le achomair agus plé ar hÉire ag am na Ceilteach..
Do scoláirí a chonaic nó a chuala caoineadh roimhe seo, b’fhéidir Caoineadh Áirt Uí Laoghaire nó rud éigin cosúil leis sin, bheadh éifeacht ollmhór ag Caoineadh Cú Chulainn orthu, caoineadh faoi laoch a mhaireahnn fós inár gcuid scéalta agus inár gcuid béaloidis. Bhí gach saghas damhsa le feiceáil, slí nua Salsa, agus damhsa comhaimseartha chun scéal Buile Shuibhne, fear a cheaptar fós in Éirinn, ag déanamh sruthaitreacht timpeall na tíre faoi gcumhacht na gealaí. D’athraigh an luas i ngach radharc, chun áthas an Fhómhair a scaoileadh don lucht éisteachta, agus faitíos agus fearg an stoirm na toirní a chur ós ár gcomhair dúinn. Bhí iontas an domhain orainn faoi na héadaí, agus bhí gach feisteas níos áille ná an feisteas a bhí ann roimhe. Mothaíodh áthas, brón, uaigneas, faitiós, grá, bród, agus sceitimíní leis na radharcanna athraitheacha, agus iad lán le ceol saibhir agus rince iontach, rince dúil gach rinceoir ann. Scaoileadh anáil ag deireadh na ngníomhartha, taithí ar fheabhas leis domsa chun an fhírinne a rá.
Gníomh 2
Phléigh na rinceoirí agus ceoltóirí saol na hÉireannach as an 19ú haois amach. Chonaiceamar cíos do na heisimircigh a scar tíonna agus leannáin óna chéile, ag eimirce do na Stáit Aontaithe chun obair a fháil agus saol nua a chruthú. Bhí comórtas idir na rinceoirí as na Stáit agus na heisirmicigh, an dá ghrúpa ag damhsa a rince dúchasach féin. Chuir an radharc sin cumhacht an damhsa Éireannach os ár gcomhair, damhsa a bhíonn mar dheach na hÉireannach. Rinne na ceoltóirí agus na hamhránaithe mothúcháin thábhachtach faoi heisirmce dúinn, an t-uaigneas nuair a fágadh Éire, ach an dóchas agus an shaoirse a bhí ag baint leis ár sinseaaithe.
I Meiriceá agus i dtíortha eile thar lear, bíonn Cumann Lúthchleas Gael, cumainn dhamhsa Ghaelacha, agus bannaí traidisiúnta agus eile is iad ag seinm ceol Gaelach. Maireann acultúr Gaelach ó bun os cionn an domhain. Spreag ár sinsearacha fás an gcultúir seo. D’athraigh Riverdance é sin, ag déanamh damhsa Gaelach i gcathracha nua, mar shampla, Andalucia. Faoi gceol agus gcultúr nua, mar shampla, in Andalucia, rinneadh athchóiriú ar damhsa Gaelach chun an damhsa comhaimseartha a chruthú.
Meafar álainn ná an abhainn, bhí rince amháin ag baint go leor le abhainn, ag bailiú uisce, ag teacht le huisce, saibhir le huisce, lán le huisce, ag athbhualadh arís ‘s arís. I bhfeistis ghorma agus airgid, ag lasadh an stáitse, bhí na cailíní ag rince i bhfoirm na habhann, timpeall agus timpeall, i mbealach an tsaoil.
Gach uirlis a bhíonn nasctha le hÉire, an chláirseach, an bodhrán agus an fhidil ina mheasc, bhaineadh úsáid as. Bhí port agus fonn mall mar radharc amháin, ceiliúradh faoin gceol a bhíos chomh amharach a ainm mar cheol Gaelach, ceol fíor-álainn, ceol d’ár ndúchas.
Chruthaigh na seinnteoirí tábhacht an bhaile dúinn, spreagadh mothúcháin, mar shampla grá agus tírghrá, inár gcroíthe. Leis an gcríoch-cheol, bhí gach lucht éisteachta ag seasamh agus ag tabhairt bualadh bos, thaispeáin na rinceoirí, na ceoltóirí, agus na hamhránaithe ná ceiliúradh den chéad scoth, ceiliúradh chomh álainn, ceiliúradh a thaispeáint dúinn cad is brí le hÉireannaigh.
Ní neart go cur le chéile, agus is léir dúinn go bhfuilimid an-neart a bhuíochas do Riverdance. Táim dóchasach go mbeidh Riverdance ag leanúint ar aghaidh is é ag dul ó neart go neart.