Ceisteanna agus Freagraí le Scoláirí Dlí agus Gaeilge Thar Lear 

Le Orla Leahy

Freagraíonn an t-alt seo ceisteanna faoin Erasmus le scoláire an tríú bhliain, Julie Lankford, a bhíonn ag déanamh staidéar i Strasbourg don bhliain Erasmus aici. 


  1. Cén fáth gur phioc tú an áit ina bhfuil tú don Erasmus?


Phioc mé Strasbourg, na Fraince i gcomhair m’Erasmus féin ionas go bhféadfainn mo chuid Fraincise a fheabhsú agus a neartú. Is minic a úsáideann iardhaltaí Dlí agus Gaeilge a chuid Fraincise nuair atáid ag tabhairt faoi phost sna hInstitiúidí Eorpacha. Ina theannta sin, theastaigh uaim tréimhse a chaitheamh sa chathair chun níos mó eolais a fháil faoi Pharlaimint na hEorpa agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.


  1. Cad é an rud is fearr (i) sa chathair sin agus (ii) san ollscoil sin go dtí seo? 


An rud is fearr faoi Strasbourg is ea go bhfuil sé ag cur thar maoil le daltaí idirnáisiúnta, neart Éireannacha ina measc gan dabht! Sílim go bhfuil Strasbourg mar mheascán idir Páras agus Amstardam. Tá rothair agus droichid i ngach áit cosúil le hAmstardam agus tá áilleacht an Pháras le feiscint chomh maith! Tá an scoil dlí anseo go hálainn leis, lánstad dtógadh an foirgneamh i gcruth scála na cirtí, rud a cheapas go bhfuil an-spéisiúil.



  1. An mbíonn deiseanna ann do chuid Gaeilge a húsáid? Cén teangacha eile a bhíonn á húsáid ansin agat?


Bíonn go leor deiseanna agam mo chuid Gaeilge a úsáid anseo. Táim ag déanamh tréimshe taithí oibre le Seán Ó Ceallaigh FPE i bParlaimint na hEorpa agus bainim leas as mo chuid Gaeilge leis agus le linn mo chuid oibre ann. Anuas air sin, tá Gaeilge líofa ag cúpla de mo chairde anseo agus bímid ag caint is ag caibidil trí Ghaeilge chun í a choiméad beo gan aon agó ach, agus gan amhras is buntáiste é nach dtuigeann na Francaigh ár gcuid comhrá! Dar ndóigh, tá mo chuid Fraincise á húsáid agam lánstad, tá sé mar aidhm agam mo chuid Fraincise a fheabhsú le linn m’am anseo.


  1. Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag tnúth leis don bhliain seo sa chathair sin?


Táim ag tnúth go mór mór le haimsir na Nollag sa chathair Strasbourg. Deirtear gurb í Strasbourg an ‘Capitale de Noël’. Gach bliain tagann thart ar dhá mhilliún cuairteoir chuig Strasbourg chun freastal ar na Margaí Nollag. Táim ag súil go mór leis an atmaisféar, na maisiúcháin agus an scailtín fíona!


Previous
Previous

Four Albums to Start Your Week

Next
Next

25 Bhliain de Riverdance - Ag dul ó Neart go Neart