Abair: Saoldearcadh na Gaelainne
Le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin‘Abair!’ Cad is brí leis seo? Is mó focal Béarla a fhreagraíonn don mbriathar ‘abair’ sa Ghaelainn: say, speak, tell, recount, chant, sing. Abair liom, abair leat, abair amhrán, bíonn ‘abair’ de shíor ar ár mbeola againn. I measc na nGael iarrfar ort canadh mar seo: ‘ABAIR AMHRÁN!’ – say a song. Ní deintear an t-idirdhealú céanna idir sing agus speak agus say an Bhéarla, ‘abair’ is ea iad go léir. D’fhéadfá scéal a rá le duine, chomh maith is a fhéadfá amhrán a rá dóibh. Mar a dúirt Will Ferrell in Elf: “singing is just like speaking, except louder and longer and you move your voice up and down”. Tá smut de seo ag baint leis an nGaelainn! Ach amháin gur seanfhocal eile a bheidh ag an bhFearghaileach: ‘is ionann rá agus rá, ach amháin nuair nach ionann’ nuair a thiocfaidh an leagan Gaelainne, Ealbh amach in 2022. Ach ní haon chúis mhagaidh é. Cuireann an débhríochas so mearbhall ar alán. Bhí an ‘dán’ An Spailpín Fánach ar an Ardteist, ‘dán’ gur amhrán leis é, agus go bhfuil leaganacha de ar fuaid na hÉireann. Nuair a dúradh liomsa an ‘dán’ áirithe sin a rá, bhí fonn ormsa tosnú ag amhrán! Agus cé a thógfadh orm é? B’in é a dúradh liom a dhéanamh.Is deocair an meascán brí seo a sheachaint. Dá ndéarfadh an scrúdaitheoir liom An Spailpín Fánach a chanadh, is cinnte ná déarfainn lem’ ghnáthghuth labhartha é. Dhéanfainn é a chanadh. Ach ní fhéadfadh éinne a rá an singing nó chanting ba chóir dom a dhéanamh: tá an dá bhrí ag baint leis an mbriathar ‘can’. Do theipfeadh ar an scrúdaitheoir an bhrí a dhéanamh soiléir dá ngabhfaidís an bóthar áirithe sin. Tá an dá chanadh, an singing agus an chanting meascaithe sa traidisiún Gaelach ar aon chuma. Deintear na Laoithe Fiannaíochta (Fenian Lays), ina n-ínsítear na heachtraí a bhain dos na Fianna fadó, a chanadh sa dá shlí. Cuid dóibhsan a chleachtann na Laoithe, deinid chanting orthu, is é sin, deirid iad gan fonn, ach i slí atá difriúil ón ngnáthchaint. Cuid eile bíonn fonn acu leo (“louder and longer and moving their voice up and down”). Deirtear gurbh amhlaidh i dtraidisiún na caointeoireachta chomh maith. Is fiú a lua gur bheag idir canadh (singing) agus canadh (chanting) sna comhthéacsanna so go minic. Cá bhfios cá dtagann deireadh le canadh amháin agus cá dtosnaíonn an canadh eile? Ceist fhealsúnta agus cheoleolaíoch í sin. Ach tá an méid seo ar eolas agam: déarfadh aon eitneacheoleolaí gurbh fhiú éisteacht leis leat gur chóir féachaint ar an dtéarmaíocht dhúchais. Deirim nár chóir scrúdú a dhéanamh ar an dtaibhiú so (‘performance’, téarma níos leithne ná ‘ceol’) trí lionsa cheoil Iarthar Domhain, ná lionsa an cheoil chlasacaigh. Ag tarrac ar an modheolaíocht san (táimid éirithe an-ardnósach go tobann), is dócha gur mór an chabhair í gur aon fhocal amháin atá ann don ndá cheann. Níor ghá do lucht canta na laoithe, nó lucht caointe corp, aon bhuaireamh a dhéanamh fén sórt cantaireachta a bhí ar bun acu, nó cén áit ar an speictrim idir singing agus chanting a bhíodar. Mar is anso a thagaimid go heireaball na ceiste: baineann deighilt a dhéanamh idir ghníomhachtaí so an ghutha le teanga an Bhéarla, seachas le teanga na Gaelainne. Ní dheineann an Ghaelainn deighilt idir say, speak, tell, chant agus sing. Mar d’fhéadfaí a rá le duine laoi a ‘rá’ nó a ‘chanadh’. Agus cé go bhfuil raon difriúil bríonna leis an ndá bhriathar, baineann siad araon leis an nguth daonna, leis na fuaimeanna a dh’fhéadfadh téada gutha agus beola agus aer a dhéanamh. B’aon bheart mór amháin na nithe go léir a dh’fhéadfaí a dhéanamh leis an nguth. Tá sé ráite go minic go bhfuil saoldearcadh ar leith ar fáil i ngach teanga tríd a comhréir is a friotal. Seo chúibh, más ea, saoldearcadh na Gaelainne: abair! Líonaigí na hallaí is na spéartha le bhúr nglórtha daonna. Is ná deiníg buairt fén mbrí.