Erasmus sa Ghearmáin
Haigh a chairde! Is mise Michéal agus táim sa tríú bhlian ag déanamh mo chéime i nGeailge agus nGearmáinis, ach nílim sa COC i mbliana toisc go bhfuilim ar Erasmus sa Ghearmáin! Táim díreach tar éis mo chéad seimeastar thar lear a chríochnú agus ba mhaith liom mo thaithí a roinnt libhse! Beadh sé an-éasca a scríobh go raibh gach rud go hiontach agus go raibh mé i gcónaí sásta ag dul amach agus ag taisteal ar fud na hEorpa, ach chun an fhírinne a rá bhí mo shaol ann saghas deacair ar dtús… ní raibh go leor chairde agam is ní raibh aon aithne agam ar an gcaithar. Bhí mé an-neirbhíseach mar cheap mé go raibh mo chuid Gearmáinise go huafásach agus cé gur rinne mé mo dhícheall í a labhairt, bhí eagla orm gur ndeirfinn an rud mhícheart nó tosnódh na daoine eile ag caint as Béarla liom! Ach tar éis cúpla seachtain fuair me féinmhuinín – thosaigh mé an Ollscoil, fuair mé post agus rinne mé chairde! Is aoibhinn liom mo shaol anseo anois...seo é mo scéal:Táim ag frastal ar Fredrich-Alexander Universität Erlangen-Nürnberg i mBaváir, agus roghnaigh mé í toisc gur aoibhinn liom an ceantar ina bhfuil sí suite! Is cathracha áille agus stairiúla iad! Tá campus álainn againn scapaithe amach ar fud trí cathracha agus freastlaíonn mic léinn ó ngach áit uirthi, ach Ollscoil saghas seanaimseartha í, afách, agus déanann muid staidéar ar rudaí traidisiúnta. Bíonn na ranganna go hiomlán difriúil agus déanann na mic linn anseo níos mó oibre ná muidne in Éireann. Bhíos caillte nuair a thosaigh mé, bhí gach duine eile abálta labhairt sa rang faoi gach rud agus mise i mo shuí gan cliú dá laghad agam! Mhothaigh mé an-seafóideach nuair nach raibh mé ábalta páirt a ghlacadh sa comhrá, ach i m’Ollscoil caithfidh gach duine páirt a ghlacadh sa rang agus tar éis cúpla seachtain thosaigh mé ag caint sna ranganna agus cé go bhfuil mo chuid Gearmáinise go huafásach, d’éirigh sí i bhfad níos fearr! Tá eagla fós agam fé na scrudaithe agus na haistí (scríobhann siad fiche leathanacha le haghaidh modúl amháin!!!!!!) Ní rabhas sa Ghearmáin ach dhá seachtain nuair a fuair mé post mar freastalaí! Rinne mé imeacht le mo ghrúpa Erasmus sa teach tábhairne Éireannach, agus chuala an t-úinear gur as Éire mé agus thug sé chuireadh dom teacht isteach arís chun agallamh a dhéanamh! Rinne mé an t-agallamh trí Bhéarla agus Ghearmáinis agus bhí ionadh an domhan ormsa nuair a fuair mé an post! Bhíos an-neirbhíseach nuair a rinne mé mo chéad seal ach tá mo chomhoibrithe an-deas agus i gcónaí ag caint liom as Gearmáinis agus tugann siad cabhair liom nuair a dhéanaim botúin nó nuair nach bhfuil aon focail agam! Is aobhinn liom a bheith ag obair ann anois, is cosúil le m’athbhaile! Bhuail mé le daoine ó fúd an domhan agus táim abálta caint leo as Ghearmáinis nó Béarla (ach is fearr liom gearmáinis dar ndóigh!). Táim ag foghlaim níos mó ná an teanga, táim ag foghlaim fé beoracha Gearmánacha agus conas iad a ullmhú – rud an-tábhachtach i gcultúr na Gearmánaigh, go háirithe i mo cheantar. An rud is fearr liom a bhaineann le mo thaithí Erasmus – cairde! Rinne mé chairde ó ghach áit ar domhain agus táim an-bhuíoch as bualadh leo, toisc go creidim nach mbeinn abálta Erasmus a dhéanamh gan iad! Is duine saghas cúthalach mé agus nílim i gcónaí compordach ag bualadh le daoine nua, ach shocraigh mé go ndéanfainn mo dhíceall chun rudaí as mo chrios chompord a dhéanamh! Bímid ag foghlaim fé cultúir eile nuair atá muid ag teastail trí na Ghearmáin nó go dtí Prág agus caitheann muid go leor ama le chéile ag caint agus ag cócaireacht! Sé seo mo scéal! Cé gur thosaigh sé saghas decair, bhí gach rud go hiontach ag an deireadh! Tógann sé beagáinín ama, ach tar éis cúpla seachtain éiríonn tú níos compodaí leis agus is fíor a rá gurb é Erasmus an t-am is fearr i mo shaol!