An C.L.G: Na dúshláin atá imithe uainn agus atá amach romahinn
Cad is spórt ann? Na tuairimí is coitianta a bhíonn á labhairt ná "go mbaineann sé le himirt cluichí agus luthchleasaíocht le greann agus le spraoi", nó "is áis é a chabhraíonn forbairt an choirp le forbairt na haigne". Chun athneartú na smaointe seo, tá seanfhocal cáiliúil le fáil: "Is fearr an tsáinte ná na táinte". In Éirinn áfach, go háirithe sna cluichí Gaelacha, tá taobhanna eile le feiceáil. Taobh doimhne. Taobh polaitiúil. Ach, thar gach ní eile tá taobh conspóideach soléir ó a bhunaíodh é sa bhliain 1884.Nuair a ghlaoigh Mícheál Ó Cíosóg cruinniú in Óstán Hayes i nDúrlas Eile, bhí trí mhórchuspóir ag an eagraíocht. Trí mhórchuspóir a fhannan chomh úr sa lá atá inniú is a bhí siad san óstán. B'iad;
- go mbeadh fáil ag gach aicme sóisialta ar an luthchleasaíocht
- caithaemh aimsire dúchasach a chur ar fáil
- infrastructúr na gclubanna a bhunú.
Sin ráite, táthar á cheapadh go bhfuilimid ag deanámh neamhní den phlean seo. Tá an baol ann go bhfuilimid ag ligean ár gcuid maidí le sruth. Sampla amháin ná na clubanna sna cathracha. Chun a bheith machánta faoi, is iad na clubanna áitiúla bunchloch den C.L.G. Maidir leis an phoball atá amuigh faoin tuath, de ghnáth, bíonn caid agus iomáint greanta go smior iontú. Ach is é an mhalairt ar fad atá fíor sna cathracha. Is iomaí cúis a bhaineann leis sin. Bheadh rogha níos leithne acu. Chomh maith leis sin, bíonn cineálacha éagsúla spórt ag iomaíocht ar a chéile. Ina chinn sin, b'fheidir go mbíonn tionchar diúltach ag na meáin. Mar shampla, is minic a thugann an láithreoir tús áite do cluichí gallda, mar shampla na torthaí sacair agus rugbaí ar dtús, gan trácht ag na cluichí Gaelacha. Ar an dara dul síos, is féidir leat a rá go bhfuil conspóid ag baint leis An Chumann Lúthchleas Gael. Bhí sé seo chun tosaigh sa bhliain 1971. Sna laethanta sin, bhí riail ann a chuir cosc ar bhaill an chumainn aon bhaint a bheith acu le himirt na gcluichí Gallda cosúil le sacair agus rugbaí. Riail 42 a thugtar air. Ach mar a deireann siad, bíonn dhá insint ar gach scéal agus tháinig an taobh uaillmhineach sa bhliain 2007.Is olc an ghaoth nach seideann maitheas do dhaoine éigin agus ba ghaoth stairiúil a shéid nuair a d'oscail an C.L.G a ndoirse dos locht rugbaí. Cé a dhéanfaidh dearmad ar John "An Tarbh" Hayes an lá a fuair foireann na hÉireann an ceann is fearr ar fhoireann rugbaí Sasana i bPáirc a'Chrócaigh? "Cónspóid? Nach raibh foireann Chorcaí ar stailc?" ar tusa. B'é an chéad stailc iomaíoch riamh. Is docha go raibh an ceart acu i 2002. Bhí siad ag eirí buartha faoin taistil agus an easpa tacaíochta ó bhord an Chontae. Ní raibh siad ach ag éalú rudaí bheadh cabhrach agus riachtanach i saol na hiomanaithe. Ach i 2008, bhí se difriúil. Aontaím le Sean Óg Ó hAilpín sa mheid is go raibh sé "thar an líne". Má thógann aon duine sracfheicint ar ghnéithe den stailc, bheadh sé/sí ag ceapadh: "bagairtí báis!?, cad é seo?". Gan amhras, ag breathnú, táim dóchasach go mbeadh na himreoirí ag ceapadh "Tá an saol níos tábhachtaí ná spórt". Na laethanta seo, tá fhios ag gach mac mathair agus iníon athair go bhfuil na cluichí Gaelacha á chraoladh ar Sky Sports. Nuair a bhí an nuacht seo ag scapadh ar dtús, bhí daoine áirithe buartha agus bhí eagla le brath ins gach aon áit. Deirtear go bhfuil cursaí polaitiúla i gceist anseo. Bhíodh daoine ag rá "Níl sé thar moladh beirte" nó "Níl sé ceadithe". Tá fhios agam. B’eagraíocht thraidisiúnta í an Chumann Luthchléas Gael. Ach, chun an fhirinne a rá, chun dul chun cinn a dhéanamh sa domhan mar eagraíocht, bhí sé sg teastáil go gear uainn.Chun críoch a chur le cúrsaí, is docha nach bhfuilimd foirfe mar eagraíocht ach i ndeireadh na dála, táimíd ar ár ndícheall. Mar a deireann an seanfhocail: "Is fearr súil le glas ná le súil le huaigh".