An Tuiseal Ginideach

Bunchloch grammadaí is ea é an Tuiseal Ginideach. Faraor. An Tuiseal a bhfuil tar éis a bheith ag dó na geirbe do dhaltaí uilig na Gaelinne ó thus ama. Deirtear gur “Genetive Case” atá i gceist ach sure, cé a thuigeadh é sin? S’éard atá i gceist leis ná na rialacha grammadaí a úsáidimis nuair a thagann ainmfhocal le chéile l’ainmfhocal eile, réamhfhocal, ainmbriathra nó cainníocht. Simplí nach ea? I mo bhrionglóidí.Braitheann na rialacha a chuirtear i bhfeidhm ar inscne an t-ainmfhocal, an san uatha nó iolra atá sé agus cén diochlaonadh as a dtagann sé. Braithim eagla anama ionam nuair a chloisim tagart ar an bhfocal sin - diochlaonadh. Is ar nós ar tí a bheith caite amach de héileacaptar nó a leithead a bhraithim. Ní bheidh tú in ann an Tuiseal a bhfeidhmiú gan rialacha agus coinníollacha na diochlaontaí a thuiscint agus a tú a bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir an é an uatha nó an iolra a mbeidh á úsáid agat. Rud fíor-chasta ionas go mbeidh tú in ann “the man’s coat” a rá. Sa Bhéarla ní chuirtear ach “‘s” agus sin é, críochnaithe, ag leanúint ar aghaidh go dtí an chéad abairt eile. Fiú sa choláiste, cuirtear an oiread béime sin ar an Tuiseal Ginideach seo go gceapfeá go bhfuil ríochas nó maoin áirithe bainte leis.Ní dheinfimise féin dearmad go lá mo bháis ar mo thaithí leis an Tuiseal Ginideach san Ardteist. Pianmhar i ndóthan a raibh an bhliain gan an Tuiseal Ginideach a bheith i’m leanúint. Bhí beirt múinteoirí Gaeilge agam sa 6ú bhliain agus ar nós Bootcamp Grammadaí a raibh na ranganna. Maratóin de shaghas éigin. Pé slí, bheartaíodar an Tuiseal Ginideach a bheith comh ingreinnte sin inár naigní go mbeimis in ann an diochlaontaí a rá inár gcoladh agus fé dheireadh na bliana, sin go díreach cad a tharla. Bheartaíodar ár rang dúbalta creidimh a bhaint dúinn agus ranganna gramadaí a thabhairt dúinn ina áit. Ní daltaí diaganta a raibh ionann, go dtí gur tharla sé sin agus bhraithníomar Íosa agus a dháréag uainn. Nílimse ag iarradh a bheith thar a bheith drámatúil ach go gcasamar i dtreo an chreidimh le linn na ranganna sin. Throwback ceart iad go dtí am nuair a mbeadh na ranganna chomh ciúin sin go mbeifeá in ann croí a chloisint. D’oibrigh sé, d’oibrigh an eagla agus an faitíos agus is ar nós saineolaithe a raibh ionann agus muid ag suí síos chun ár nArdteist a dhéanamh. Cé go raibh sé nach mór go huile is go hiomlán imithe uainn faoi am an Debs, bhí na torthaí arda tuilte go mór againn.Dár ndóigh nach bhfuilim comh líofa sin sa Tuiseal Ginideach is mar a bhí ag súil le mo mhuinteoirí, deanaim iarracht, agus an iarracht is mó a bhfuilim a dhéanamh agus an Tuiseal Ginideach á phlé agat. De gnáth, bainim leas as mo chluasa agus leanam céard a fhuamaíonn i gceart. Ciontach agus leithscúileach ach déanam an saol i bhfad Éireann níos simplí dom féin. Más fiú í a dhéanamh, is fiú í a dhéanamh i gceart. Mar a deirtear.

Previous
Previous

Review: Sid Meier’s Civilisation VI

Next
Next

My Thanks and Saying Thank you