Fáilte chuig An Cumann Drámaíochta!

Le Niamh Ní LeidíDia dhaoibh, a chairde,  Is mise Niamh Ní Leidí, Cathaoirleach an Chumainn Drámaíochta I mbliana agus ba mhaith liom píosa cainte a dhéanamh libh inniu. Cad é an Cumann Drámaíochta a deir tú? Go bunúsach, is cumann sinn in UCC a dhéanann píosa drámaíochta as Gaelainn.  Is grúpa an-bheag sinne ach táimid an-láidir san ollscoil agus tá grá mór againn don Ghaeilge agus don chraic gan amhras! I rith na dianghlasála bhí sé an-deacair ar fad mar, ar ndóigh, ní rabhamar in ann dráma a dhéanamh ar stáitse. Mar sin, bhí orainn a bheith an-chruthaitheach  ar fad agus rud a dhéanamh ar líne. Rinneamar dráma raidió darbh ainm ‘Rogha gach Díogha’ atá le cloisteáil ar shuíomh Raidio na Gaeltachta anois. Chomh maith leis sin, rinneamar ár ndráma féin, darbh ainm ‘Rún ar Zúm’, a bhí scríofa ag ár n-oifigeach airgeadais i mbliana, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin. Bhí mise mar stiúrthóir air sin agus caithfidh mé a rá gur taithí an-spéisiúil ar fad ab ea é a bheith páirteach le dráma trí Zoom ar fad. Ar an iomlán bhí ceithre eipeasóid againn agus bhí siad an-rathúil ar fad! Is féidir leat iad a sheiceáil ar ár gcuntas Instagram: @ancumannducc. I mbliana: I mbliana, táimid dóchasach go mbeimid ar ais ag cur drámaí ar stáitse arís! An plean atá againn is ea chun sceitsí beaga a dhéanamh, agus ‘An Triail’ a dhéanamh mar dhráma mór. Toisc gur dráma an-cháiliúil agus dáiríre é ‘An Triail’, ba mhaith linn  ceart a thabhairt dó. Táimid chun trialacha a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair, agus cleachtaí a thosnú i mí na Samhna. Ba mhaith linn é a churar stáitse i seimeaster a dó ansin. Tá sceitimíní an domhain orainn mar sin!  Sin é uaimse, a chairde. Go raibh maith agaibh as an méid seo go léir a léamh. Agus tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh go luath. Grá mór  😊

Previous
Previous

Nuacht Ón gCuallacht!

Next
Next

Sexuality and Disability