Nuacht Ón gCuallacht!

Antóin Ó Trinlúin - Oifigeach Oideachais na Cuallachta Is í An Chuallacht Ghaelach (Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile Corcaigh) ceann de na cumainn ollscoile is sine cois Laoi. Bunaíodh an cumann in 1912, mar sin tá An Chuallacht níos sine ná Saorstát Éireann (1922), an builín slisnithe (1927) agus peinicillin (1928). Bhí mic léinn Chorcaí páirteach sa Chuallacht sular thosnaigh an Chéad Chogadh Domhanda (1914) nó Éirí Amach na Cásca (1916). Seans gur pléadh an Titanic ag chéad chruinniú an chumainn, tar éis di imeacht ón gCóbh anseo i gCorcaigh in Aibreán na bliana céanna. Is baolach go ndeachaigh an long úd go tóin poill laistigh de sheachtain, ach tá an Chuallacht fós ag dul ó neart go neart tar éis naoi mbliana is céad. Tá sé mar aidhm ag an gCuallacht an Ghaeilge a chur chun cinn ar an gcampas, agus i measc  mhic léinn  na hollscoile. Glacann an Chuallacht páirt lárnach i saol an Choláiste agus is minic go bhfeictear sinn i gcroílár an champais. Fiú nuair a bhíomar go léir ag streachailt le saol na paindéime, lean obair na Cuallachta ar aghaidh ar líne. Buailfimid le chéile go minic le haghaidh Pop-Up Gaeltachtaí, Ciorcail Chomhrá agus imeachtaí eile. D’eagraíomar oíche bhiongó agus ócáid luaschairdis dár mbaill cheana féin i mbliana. Bíonn dhá chlár raidió ar siúl againn chomh maith: ceann ar Raidió Rí-Rá (Máirt 08:00-10:00) agus ceann ar UCC FM (Máirt 11:00-12:00). Ainmníodh ár gclár ar UCC FM mar cheann de na cláir ab fhearr ar an stáisiún úd san Irish Examiner. Déanaimid iarracht imeachtaí éagsúla, spéisiúla a eagrú dár mbaill; d’éirigh linn maidin, ióga, ceardlann fostaíochta, aoichainteoirí, oíche mocktail, díospóireachtaí agus go leor rudaí eile a chur ar siúl anuraidh. D’fhoilsíomar iris lán-Ghaeilge darbh ainm Breac, a bhí lán le píosaí scríbhneoireachta ónár mbaill, agus chuireamar go mór leis an iris Campus Narrative a phlé le taithí na mac léinn ar an bpaindéim. Reáchtáil an Chuallacht turasanna, bálanna, agus tráthanna na gceist roimh an bpaindéim. Coinnigí súil ar ár ríomhphostanna agus ár gcuntas Instagram; beidh an-chuid imeachtaí taitneamhacha ag filleadh orainn i mbliana. Is deiseanna iontacha iad na himeachtaí seo, sos a thógaint ón staidéar, bualadh le cairde nua agus snas a chur ar do chuid Gaeilge! Ní bhíonn aon bhrú i gceist- ní bhíonn ann ach spórt agus spraoi.Is cumann rathúil í an Chuallacht sa bhliain 2021, le os cionn 1,800 ball agus na mílte leantóir ar na meáin shóisialta. Tá baill againn ó réimse leathan cúrsaí, ní hamháin ón nGaeilge. I láthair na huaire, tá mic léinn leighis, pholaitíochta, síceolaíochta agus dlí ar ár gcoiste (i measc cúrsaí eile). Tá baill ag an gCuallacht i ngach bliain-ghrúpa san ollscoil, agus ar gach campas. Tagann baill an chumainn ó cheann ceann na hÉireann, agus ó thimpeall an domhain. Tagann daoine ón nGaeltacht agus ón nGalltacht, daoine le Gaeilge líofa agus daoine le ‘cúpla focal.’ Is pobal ilghnéitheach sinne, agus cuirimid fáilte roimh chách i gcónaí. Ná bígí cúthaileach, bígí linn! Antóin Ó Trinlúin Oifigeach Oideachais na Cuallachta 

Previous
Previous

The Ethics of True Crime: Invasive Voyeurism, or Natural Fascination?

Next
Next

Fáilte chuig An Cumann Drámaíochta!