Forám Ban sa Dlí 2023

Orla Leahy (Eagarthóir Gaeilge)


Beidh Forám Ban sa Dlí ar siúl Dé Céadaoin, an 8ú lá de mhí na Márta 2023 in Óstán an Hayfield Manor i gCorcaigh. Is ceilúradh tábhachtach é an ócáid seo do mhná sa Dlí timpeall na tíre; fiú thar lear. Eagraíonn an Cumann Dlí san ollscoil an Fóram seo gach re bhliain. Bíonn Jade Shannon, scoláire Dlí is Gaeilge as an dara bliain bainteach leis an ócáid go léir. Dúirt sí liom le déanaí:


“Táim ar mhuin na muice a bheith mar Chruinnitheoir don Fhóram i mbliana. Táim ar bís chun cuireadh a thabhairt do na scoláirí, na foirne, agus lucht na hollscoile chun lá a chaitheamh ag féachaint ar na téamaí, agus sinn ag déanamh ceiliúrtha ar na téamaí, ‘Cothromas trí Ghníomhaíocht’, agus ‘Athrú is For-rochtain.’”


Beidh dhá phaineál ag caint faoi na téamaí sin, a slí bheatha sa dlí, agus a n-aistear go dtí an pointe sin. Beidh Breitheamh na Cúirte Achomhairc, Úna Ní Raifeartaigh Brmh. ag caint faoina saol dátheangach mar dhlíodóir agus mar bhreitheamh; saol fíor-shuimiúil do na scoláirí dátheangacha gan aon agó! Anuas air sin, beidh scoláire PhD ag déanamh taighde ar na meáin agus tráchtaireacht pholaitiúil, Catherine Gallagher; bunaitheoir na Fondúireachta Dlí agus Cúinsí Idirnáisiúnta, agus stiúrthóir an BCL (Dlí is Gaeilge), Dr. Shaoming Zhu agus; aturnae ceannaireachta sa roinn leasa leanaí de chuid Comyn Kelleher Tobin, Denise Kirwan ann. Beidh fógra faoi na cainteoirí eile againn go luath, chomh maith le fógra faoi na léachtóirí clúiteacha a bheith ina gcathaoirligh don dá phaineál. 


Beidh deiseanna den chéad scoth ag scoláirí aithne níos fearr a chur ar a chéile, go proifisiúnta agus ar bhonn sóisialta. Beidh bia ar fáil don lucht éisteachta, i rith an lae agus ag an soirée nó cóisir um thráthnóna/istoíche. Beidh ceol agus siamsaíocht den chéad scoth ann ag an soirée le duais do na daoine gléasta is deise. Ní hamháin go bhfuil sé dírithe ar scoláirí dlí; is féidir le duine ar bith teacht go dtí an ócáid seo.  Beidh fáilte is fiche romhaibh don lá ar fad agus ag an gcóisir nó soirée. Is eachtra ana-thopaiciúil ar fad a bheidh i gceist. 


Bíonn ceithre bhean déag óga sa dlí ar an gcoiste eagarthóireachta, agus seo roinnt des na pointí eolais a bhaineann leis na daoine céanna.  


Éadaoin

Táim ag tnúth go mór le gach rud a chur le chéile agus an rud deireanach a fheiceáil ar an lá de bharr na gcruinnithe a bhí agam le gach duine le seachtainí anuas!


Loraine

Bhí sceitimíní orm a bheith bainteach leis an bhFóram chomh luath in Éirinn is a chuala mé faoi. Is eachtra inspioráideach é do chúis ana-thábhachtach. Tá a lán oibre déanta ag a lán daoine agus tá siúl agam go mbeidh rath i ndán do gach duine!


Niamh

Bhí a fhios agam gur mhaith liom a bheith páirteach ann nuair a bhí a fhios agam don chéad uair go mbeadh an Fóram ar siúl i mbliana. Is aoibhinn liom bheith ag obair leis an ngrúpa éirimiúil seo chun buanna na mban sa dlí a cheiliúradh!


Alannah

Toisc go mbeidh mo chuid ama i gColáiste na hOllscoile Corcaigh gairid go leor, bhí mé ag iarraidh a bheith páirteach sa Chumann Dlí i slí amháin nó i slí eile. Is rud fíor-luachmhar é a bheith ag obair leis an ngrúpa ban iontach seo agus táim ag tnúth go mór le deireadh ár gcuid oibre a fheiceáil leis an eachtra thábhachtach seo!


Beidh an ócáid á heagrú faoi choimirce Comyn Kelleher Tobin, agus is é Sexual Violence Centre Corcaigh an eagraíocht charthanachta a bheith bainteach leis i mbliana, faigh níos mó eolais faoi na seirbhísí acu agus a gcuid oibre ar https://www.sexualviolence.ie. Beidh raifil nó crannchur ollmhór ar siúl dóibhsean ar an oíche chéanna chomh maith.


Lean leathanach @uccwomeninlawforum ar Instagram, LinkedIn agus TikTok, chun níos mó eolais a fháil, a chairde!


Previous
Previous

Voting isn't the most we can do, butit is the least - Editorial Issue 10

Next
Next

    Anal beads, bribes and doping - the history of cheating in sport