I nDlúthpháirtíocht: Tacaíocht Daingean Kneecap don Phalaistín ar an ‘Late Late Show’ i measc Eisiúint Scannán

Le hEagarthóir Gaeilge Leah Buckley

I ndiaidh tuairimí dímheasúla a nochtadh Ivan Yates le déanaí ar an “Six O’Clock Show”, le tacaíocht ó Brian Dowling agus os comhair an Gaeilgeoir Síle Seoige, is tráth tábhachtach é chun béim a chur ar rath agus buanseasmhacht ár dteanga agus ár gcultúr. Dúirt Yates nach raibh “focal ar bith” aige agus nach ligfeadh an leisce dó an Ghaeilge a foghlaim, agus tar éis an frithfhreagairt fheargach ó phobal na Gaeilge, d’fhógair sé go bhféadfaí níos fearr dá mbeadh acmhainní atá tiomanta don teanga curtha i leataobh don chóras sláinte nó don ghéarchéim tithíochta, gan dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí do Ghaelscoileanna ar fud na tíre, nó leis an nganntanas tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, ar ndóigh. Bhí an mhíthuiscint aige nach bhfuil ach 16,000 cainteoirí Ghaeilge in Éirinn faoi láthair agus is millteanach an cur amú acmhainní é sin dá bharr. Léirítear sonraí daonáirimh ó 2022, áfach,  go bhfuil beagnach 1.9 milliún duine in ann an teanga a labhairt de chineál éigin agus is méadú de níos mó na 112,500 é sin ón nDaoináireamh 2016. 

An tríréad rapcheoil Kneecap is iad triúr de na cainteoirí seo a úsáideann cur chun cinn na teanga mar cineál díchoilíniú. Díreach mar a bhí an Ghaeilge agus an Laidin fite fuaite lena chéile i bhfilíocht na Sean-Ghaeilge tráth, tá siad ag déanamh obair cheannródaíoch anonn is anall idir an Béarla agus an Ghaeilge ina gcuid amhráin. Tháinig siad ar an bhfód i 2017, comhfhiosach go sóisialta ón gcéad nóiméad, agus ó shin i leith tugadh ardmholadh dóibh mar ghrúpa conspóideach agus cruthaitheach ón Iarthar Bhéal Feirste. 

Chun a n-anaithnideacht a chaomhnú tá ainm stáitse glactha ag gach ceann acu: Mo Chara, Móglaí Bap, agus DJ Próvaí, agus mar aon le sin is tagairt é a n-ainm don phionós traidisiúnta, ‘lámhach sa ghlúin,’ chun daoine óga a bhí faoi iompar frithshóisialta nár thaitin leis an IRA ar nós ag mangaireacht drugaí. D’éiligh an grúpa go raibh sé seo toiliúil agus íorónta, ach go háirithe ós rud é gur chuir Raidió na Gaeltachta cosc ar a gcéad singil, rian féineisithe dar teideal ‘C.E.A.R.T.A,’ mar gheall ar na tagairtí d’úsáid drugaí agus cáineadh déanta ar RTÉ. Áitíonn Kneecap, áfach, gur mian leo smaointe a spreagadh, ní foréigean nó seicteachas. 

Tá Kneecap ag athshamlú todhchaí na teanga don chéad ghlúin eile, ceann ina mbaineann an teanga le gach duine beag beann ar a n-aois, a gcreideamh, a mblas, nó a stádas socheacnamaíoch. Is cinnte go bhfuil a gceol fite fuaite i gcultúr óige agus polaitíochta na cathrach, le liricí frithbhunaíochta atá measctha le greann. Ní bhíonn leisce ar an ngrúpa a dhearbhú go bhfuil siad sáite sa pholaitíocht agus gur ceannairí iad ar son gluaiseachta ceart sibhialta chun a dteanga dhúchais a chaomhnú. 

In ainneoin amhráin ar nós ‘Get Your Brits Out’, áfach, is mian leo a chur in iúl go bhfuil an teanga do dhaoine ar Bhóthar na bhFál mar aon leis na Seanchille. Deir Mo Chara go bhfuil i bhfad níos mó i bpáirt ag lucht oibre Bhéal Feirste lena chéile thar an deighilt ná le lucht an rachmais i mBaile Átha Cliath, ar nós tráma idirghlúine, ‘Coronation Street’, agus an Ghaeilge dar ndóigh. Ní féidir é a shéanadh go bhfuil an triúr acu thar a bheith bródúil as a dteanga agus go bhfuil réimse níos leithne fuaimeanna ar fáil léi ach éilíonn siad nach rogha réamhbheartaithe ab ea é chun a bheith ag rapáil as Gaeilge, ach rud a bhí sa dúchas acu toisc go bhfuil siad go léir ag maireachtáil tríd an teanga.

Ó amhráin ar nós ‘Your Sniffer Dogs are Shite’, leadhbairt a thugtar don RUC, agus ‘MAM’, ómós maoithneach dá máithreacha agus a bhailigh airgead do na Samáraigh nuair a chuir máthair Móglaí Bap lámh ina bás féin, tá fiontar nua ag an tríréad dátheangach; na scannáin. Ar an 18ú lá Eanáir, bhí première scannán beathaisnéise Kneecap ag an bhFéile Scannánaíochta Sundance in Utah, an chéad scannán Gaeilge ann riamh agus is mó maoinithe a rinneadh. Tar éis dóibh an “Audience Award” mór le rá a bhuachan amach acu thar sheasca iomaitheoirí eile, tá an grúpa agus an teanga tar éis briseadh amach ar ardáin idirnáisiúnta. Suite in Iarthar Bhéal Feirste, tá Michael Fassbender ag glacadh ról tacaíochta sa scannán agus chinntigh stiúrthóir na Breataine Richard Peppiatt go raibh an grúpa an-pháirteach san obair dá bharr.

Tá súil ag an tríréad frithbhunaíochta go spreagfaidh an scannán eapainmneach seo níos mó daoine chun na healaíona a shaothrú trína dteanga dhúchais. Chomh maith le sin, ceapann siad go léiríonn sé taobh den chathair nach mbaineann le gunnaí, buamaí, agus bás, agus an ghné uirbeach nua den Ghaeilge. In ainneoin rath forleathan an scannán agus na cearta atá á gceannach ag ‘Sony’, tá cáineadh faighte ag an gCrannchur Náisiúnta agus ag ‘Northern Ireland Screen’ ní hamháin ó Ian Paisley ach ó íospartach na Trioblóidí freisin as maoiniú a dhéanamh ar scannán “samhnasach” atá ag iarraidh “cogadh seicteach na fuatha a athscríobh agus a ghlóiriú." Tá Kneecap gríosaitheach go dána, áfach, agus thug siad ‘grá mór’ don DUP as a gcuid poiblíochta saor in aisce. 

Ag deireadh Mhí na Nollag, d’fhreastalaíos ar cheolchoirm Kneecap i Halla na Cathrach, Corcaigh, agus níorbh iontas ar bith é gur chruthaigh an banna a n-atmaisféar uathúil féin ann. I measc na dtréithe is sainiúila a bhí aige bhí loig mhaiseála monatóireachta, a gcuid buidéil aitheantais de Buckfast ar an stáitse, DJ Próvaí ag sluashurfáil leis an rabhadh diongbháilte “ná bain lena bhalacláva trídhathach nó beidh daor oraibh”, ‘Dirty Old Town’ in ómós do Shane McGowan, nach maireann, agus, b’fhéidir an rud is suntasaí ann, na bratacha Palaistíneach. Léirigh an grúpa dlúthpháirtíocht dhaingean leis an bPalaistín agus a dtacaíocht do shaor-Palaistín roimh an ngéarchéim reatha, ag cáineadh neamhsuim an Iarthair i gcúrsaí na Palaistíne maidir leis an gcaoi mhillteanach a gcaitear leo, agus ciníochas is cúis leis sin a deir siad. 

Ó 2020, tá gealltanas tugtha acu baghcat a dhéanamh ar Iosrael agus tá feathail ar son na Palaistíne le feiceáil go rialta ag a gcuid seónna chomh maith. Lena chois sin, tá dlúthbhaint ag Kneecap le hionad aclaíochta deonach sa champa dídeanaithe Aida ar an mBruach Thiar, a bhunaigh deartháir Móglaí Bap. Is é an aidhm atá aige ná spás a chur ar fáil a théann i ngleic leis an leitheadúlacht diaibéiteas agus fadhbanna meabhairshláinte ann toisc go bhfuil siad ina gcónaí sa mhullach ar a chéile, agus i 2022, rinne Manchán Magan leagan dá n-amhrán ‘C.E.A.R.T.A’ le Dusty the Kid chun airgead a bhailiú chun caighdeáin an fiontar seo a fheabhsú. 

Jeremy Corbyn with Kneecap

Ar an 23 Feabhra, tháinig Kneecap ar an bpáirc ar an ‘Late Late Show’ le léiriú dá gcuid shingil nua ‘Better Way to Live,’ agus ina dhiaidh sin tarlaíodh go raibh níos mó ardmheas ar a n-agallamh ná conspóid faoi in ainneoin an fhaitís tosaigh. B’éigean don ‘Irish Women in Harmony’ a gcuid suaitheantais mealbhacán-uisce, siombail coitianta i bhfabhar an Phalaistín, a bhaint astu in éagmais fóram chun gach tuairim maidir leis an gcoimhlint a léiriú ar an gclár, de réir Threoirlínte Iriseoireachta agus Ábhair RTÉ, an tseachtain roimh ré. 

Mhínigh na léiritheoirí do Kneecap dá n-éileodís earraí cosúla a chaitheamh chomh maith go gcuirfeadh a dtaibhiú ar ceal. De réir dealraimh, ghlac siad leis an gcoinníoll seo i dtosach báire, ach is grúpa dothuartha go hiontaofa iad nach seachnaíonn achrann riamh, agus bhí feathail i bhfách leis an bPalaistín le feiceáil ar a mbrollaigh gan scáth ná eagla orthu. Ina n-amhrán ‘Incognito’ léiríonn an grúpa nach bhfuil aon mheas acu ar RTÉ nó ar rialacha na heagraíochta. 

Dá bharr sin, b’fhéidir ní iontas ar bith é nuair a thug siad neamhaird go hoscailte ar na treoracha seo agus bhain DJ Próvaí de a chasóg chun geansaí Palaistíneach a nochtadh le linn an agallaimh. Chuir an t-óstach Patrick Kielty isteach ar an toirt agus dúirt sé go raibh dualgas air a rá go bhfuil taobh eile ar an gcoimhlint seo, go bhfuil an-trua acu do chách ar an dá thaobh, agus b’fhéidir nach n-aontódh roinnt daoine leis an rud a rinne siad. Níor chuir iarrachtaí Kielty an comhrá a atreoraigh ar ais go dtí an Ghaeilge agus a scannán cúl orthu, áfach, toisc gur mhothaigh an triúr acu go raibh dualgas orthu chomh maith an deis seo a thapú. 

Tá siad ag iarraidh daoine a aontú lena gceol agus lena dteachtaireacht, beag beann ar a bhféiniúlacht, chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Palaistíne agus chun labhairt amach ar an uafás seo go dian dásachtach, ar eagla nach mbeidh tógáil ár gcinn againn le náire shaolta amach anseo. 

D’úsáid siad, agus bíonn siad ag úsáid go beacht, a n-ardán an tráthnóna sin chun aird a tharraingt ar an gcinedhíothú agus na hainghníomhartha atá ar siúl ann faoi láthair, agus chun “Saoirse don Phalaistín” a glaoch. In ionad cáineadh agus feannadh, fuair an grúpa rabharta tacaíochta ón lucht féachana sa stiúideo agus óna lucht leanúna ar líne maidir lena seasamh tairiseach d’íospartaigh ionsaí Gaza, le go leor daoine ag tabhairt ardmholadh dóibh ar an ndúshlán láidir a thug siad do na meáin agus as tuairimí mhuintir na tíre a léiriú níos fearr ná ár gcraoltóir náisiúnta.

Fógraíodh go mbeidh a n-albam nua ‘Fine Art’ a eisiúint ar an 14 Meitheamh, agus go mbeidh an grúpa ag seinm ag an bPicnic Leictreach 2024. Ina theannta sin, bhí an tríréad

Béal Feirste ar an ‘Tonight Show’ le Jimmy Fallon ar an 8ú Márta, a gcéad seó cainte Meiriceánach, agus fógra suimiúil tar éis a gcáineadh tréan ar “na hairm Mheiriceá a mharaigh breis is tríocha míle Palaistíneach.” Agallamh réamhthaifeadta a bhí ann, áfach, agus dá bharr sin ní raibh siad in ann ráiteas a dhéanamh faoin imeachtaí reatha, faoi shos cogaidh, nó faoi éascú Mheiriceá ar an gcinedhíothú seo.

Bhain Kneecap cáil amach mar ghrúpa conspóideach mór le rá, a sheasann i gcoinne na héagóra agus ar son na rudaí a gcreideann siad go láidir ann, agus níl difríocht dá laghad ann maidir leis an ngéarchéim i nGaza ach go háirithe de bharr a stair chomhroinnte mar gheall ar choilíneachas na Breataine agus a dtaithí ar choimhlint atá trámach agus doréitithe de réir dealraimh. Tá sé follasach go bhfuil an triúr acu ag leathnú a sprioc thar pholaitíocht áitiúil agus cearta teanga faoi láthair. Tá siad ag iarraidh daoine a aontú lena gceol agus lena dteachtaireacht, beag beann ar a bhféiniúlacht, chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Palaistíne agus chun labhairt amach ar an uafás seo go dian dásachtach, ar eagla nach mbeidh tógáil ár gcinn againn le náire shaolta amach anseo. 

Previous
Previous

The End Has Come

Next
Next

A Group of Idiots Attempt to Complete a Mission – The Genre