Léirmheas ar an scannán Arracht 

Chuas  isteach chuig an bpictiúrlann chun an scannán seo a fheiscint leis an réamhthuairim go rabhas chun an-chuid fulaingt agus marú a fheiscint. Rud a chuir iontas agus pléisiúr orm ab ea an scéal coscrach de chuid Cholmáin Sharkey (Dónall Ó Héalaí) nó an plota agus scannánaíocht dhocreidte a tháinig os mo chomhair ar an scáileán sa phictiúrlann. Tá an scannán suite in 1845, i gConamara. Iascaire is ea Colmán Sharkey, atá ina chónaí ar chósta an Atlantaigh lena bhean chéile agus a mhac. Cónaíonn deartháir Cholmáin, Seán, (Eoin Ó Dubhghaill), leo agus cabhraíonn sé leo na prátaí a fhás.  Cuirtear ceist ar Cholmán fear darbh ainm dó Patsy Kelly (Dara Devaney) a thógaint isteach,toisc go bhfuil sé tar éis an cabhlach a fhágaint. Bíonn ar Cholmán Patsy a thógaint isteach agus de réir a chéile tagann dúchan na bprátaí go Conamara.  Ní féidir le Colmán na rátaí cíosa a íoc, agus an tiarna talún ag árdú an cíos. Tar éis eachtra scanrúil ina dtagann fir an tiarna talún chuig teach Cholmáin chun an t-airgead a bhailiú uaidh agus gunna amháin á iompar acu, iarrann Colmán ar an tiarna talún bualadh leis agus plé a dhéanamh ar na rátaí, de bharr an easpa bia. Agus an triúr fear ag tigh an tiarna talún, ní théann gach rud mar ba chóir agus ní ghéilleann an tiarna talún, agus bíonn iarmhairtí tubaisteacha ann dá bharr sin …  Bhaineas fíor-thaitneamh as an scannán, fiú gur cheapas go raibh sé beagáinín fuilteach chun a bheith ag ráta aoise 12A, ach b’fhéidir gurb é sin díreach mise agus mé éisealach go leor! Bhí an aisteoireacht go hiontach, mheasas go raibh an-chuid ionracais agus tuisceana ag na haisteoirí, go háirithe ag Dónall Ó Healaí ina ról, is é sa phríomhpháirt. Léiríodh an chinniúint mhilteanach a bhí i gceist do dhaoine ag an am agus nach raibh aon rud nach ndéanfadh daoine chun bia a fháil dóibh féin agus iad ag fáil bháis den ocrasCuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le cineáltacht dhaonna agus daonnacht agus a bheith ag faireadh amach do dhaoine eile; chomh maith leat féin. Thaitin carachtar Dhónaill Uí Héalaí, Colmán, liom toisc go raibh sé ag iarraidh a chuid a dhéanamh chun an domhan a fheabhsú fiú agus a shaol féinig ag titim as a chéile mórthimpeall air.  Chuaigh an scannánaíocht i bhfeidhm go mór orm, i dtaobh an tírdhreach álainn de chuid Chonamara agus na radharcanna mallghluaiseachta agus an t-aicsean moillithe a fheiscint. Measaim gur chabhraigh sé leis an lucht féachana dul i dtaithí leis na mothúchán go léir os a gcomhair.  Bhí Gaolainn Chonamara go láidir in úsáid sa scannán agus fiú dom féin agus mé i mo Ghaeilgeoir, bhí sé deacair le tuiscint uaireanta agus bhí na fotheidil fíor-úsáideach mar sin! I mo thuairim, is scannán iontach é seo atá fíor-oideachasúil don aos óg agus dóibh siúd atá aosta araon agus beidh gach duine ag caochadh na súl chun cúl a choimeád ar na deora roimh dheireadh an scannáin.

Previous
Previous

NFTs - A Tech Fad or Here to Stay?

Next
Next

Seanfhocail le húsáid ar líne