Seanfhocail le húsáid ar líne 

Le Caitríona O' Connell Is minic a chloistear an ráiteas “Ba bhreá liom níos mó Gaeilge a úsáid - ach níl a fhios agam conas gur cheart a leithéid a dhéanamh!’ Seo roinnt seanfhocal* le chur i do bhio nó mar theideal ar do phictiúr ar Instagram agus cúpla focal a úsáid ar na meáin shóisialta. Más rud é gur pictiúr d’oíche amach é le do chairde, nó de do mhadra, nó díot féin is tú ag taisteal, ag imirt spóirt, nó ag ithe béile breá, tá seanfhocal ann chuige sin!  Ag dul amach: 

  • Nuair a bhíonn an deoch istigh, bíonn an chiall amuigh – when drink is in, sense is out. 
  • Lá ar meisce agus lá ag ól uisce – A day being drunk and a day drinking water. 
  • Sceitheann fíon fírinne – Wine releases the truth/loosens the tongue. 
  • Spléachadh isteach i bhflaithis Dé an ceol – Music is a glimpse of heaven. 
  • Oíche aerach agus maidin bhrónach – A fun night and a sad morning. 
  • Ní thagann an óige faoi dhó choíche – You are only young once. 

 Frasaí ionsparáideacha: 

  • Níl tuile ann nach dtránn – There is no flow that does not ebb. 
  • Níl uasal ná íseal ach thuas seal agus thíos seal – There isn’t nobility or ignobility, but up for a while and down for a while. 
  • Is ait an mac an saol – Life is a strange business. 
  • Dá fhada an lá, tagann an tráthnóna – However long the night. The day will come.
  • Ní mar a shíltear a bhítear – It is never as you imagine. 
  • Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin – It’s an evil wind that doesn’t blow good for somebody. 
  • An rud is annamh is iontach – The thing that is rare is wonderful. 
  • Bíonn súil leis an bhfarraige – The sea offers hope. 
  • Bí fírinneach duit féin – Be true to yourself. 
  • Bailíonn brobh beart – Every little counts. 
  • Tar éis doininne soineann na hoíche – After bad weather comes fine skies. 

Cairde: 

  • Is maith an scáthán súil charad – A friend’s eye is a good mirror. 
  • Amhail an fíon is fearr, feabhsaíonn cumann le haois – Like the best wine, friendship improves with age. 
  • Gioraíonn beirt bóthar – Two shorten the road. 
  • Is fearr cairde ná ór – Friends are better than gold. 
  • Níl rud níos géire ná teanga mhná – There is nothing sharper than a woman’s tongue. 
  • An áit a bhíonn mná bíonn caint – Wherever there are women there is talk. 
  • Inis dom cé hiad do chairde agus neosfaidh me duit cé tú féin – Tell me who your friends are and I’ll tell you who you are. 
  • Níl aon chara mar sheanchar – There’s no friend like an old friend. 
  • Ní saol é go cuideachta charad – We cannot have a perfect life without friends.
  • An té a bhuailfeadh mo mhadra, buailfeadh sé mé féin! – Love me, love my dog!  

Bia: 

  • Is milis an rud an saol – Life is sweet. 
  • Bia don chorp, deoch don bheol, comhrá, damhsa agus ceol…- Food for the body, drink for the lips, chat, dancing and good music ( sin iad na rudaí a cheaptar chun go mbeadh saol deas agat). 
  • Marbh le tae agus marbh gan é – Dead with tea and dead without it. 
  • Bíonn blas ar an mbeagán – Small amounts are sweer. 

Spórt: 

  • Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht – There is no success without discipline. 
  • Ní féidir gach cluiche a thabhairt leat – You can’t win every game. 
  • Níl pá gan chrá – No pain, no gain. 

Grá: 

  • Maireann lá go ruaig ach maireann an gra go huaigh – A day lasts until it is chased away, but love lasts until the grave. 
  • Grá inneall na beatha agus tiománaí an tsaoil – Love is the engine of life and it drives the world. 
  • Uireasa a mhéadaíonn cumha – Absence makes the heart grow fonder. 

 Taisteal: 

  • Is aoibheann dul ar cuairt agus is fearr i gcónaí bheith i do thigh féin – It’s nice to go on a visit, but there’s no place better to be than at home.
  • Castar na daoine ar a chéile! - People meet each other/ It’s a small world. 
  • Bíonn siúlach scéalach –Travel broadens the mind. 

Sonas: 

  • Gáire geal an leigheas is fearr – Happy laughter is the best medicine. 
  • Ná cur an sonas ar athlá! – Don’t postpone joy! 
  • Níl costas ar chineáltas – Kindness costs nothing. 
  • Bain spraoi as gach lá agus gach oíche ó imíonn an bheatha ar nós na gaoithe – Enjoy every day and every night since life passes by at the speed of light. 
  • Glac an saol mar a thagann sé! – Take life as it comes! 
  • Bia breá, gáire minic, agus an grá gan teorainn! – Eat well, laugh often, love much.  

*Fuaireas na seanfhocail seo as “Proverbs In Irish” le Garry Bannister, 2017 (BÁC). 

Previous
Previous

Léirmheas ar an scannán Arracht 

Next
Next

The Cork Bucket List - An A-Z (or almost!) of Cork’s greatest hits