Níl sé Imithe ar Fad, Tá an Teanga Fós Beo sna Cairteacha Ceoil
Cormac McCarthy (Eagarthóir Ceoil)
Sa bhliain 1983, chum amhránaí na Breataine, Bige Dafydd Iwan, an t-amhrán “Yma o Hyd”. Is amhrán as Breatnais é agus ciallaíonn an t-ainm “fós anseo” sa Ghaelainn. Scríobhadh é le linn ama a raibh teanga na Breatnaise ag fáil bháis agus muintir na Breataine Bige ag cailleadh a bhféiniúlachta. Canann Iwan an t-amhrán ag imeachtaí éagsúla ar fud na tíre; stailceanna mianraí, cluichí sacair agus rugbaí.
Mar thoradh air sin, le himeacht ama, bhí an t-amhrán go pointe áirithe mar amhrán náisiúnta neamhoifigiúil na Breataine Bige. Rinneadh athbheochan ar cheol a bhí á chanadh sa Bhreatnais. Anois, tá féilte ceoil ann; lán le grúpaí ceoil is de dhaoine óga is iad ag canadh as Breatnais, agus tá cultúr ceoil ann is cuirtear fáilte roimh cheol na Breataine Bige.
Ach cad fúinn féin? Gan amhras, is iontach an rud é na clasaicí a chloisteáil fós. Is é fírinne an scéil, áfach, nach féidir le formhór na ndaoine éisteacht le “Óró ʼSé Do Bheatha ʼBhaile” nó “Thugamar Féin an Samhradh Linn” arís is arís. Cé go bhfuil go leor oibre le déanamh againn fós, bíonn a lán grúpaí ceoil óga Éireannach ann nach bhfuil eagla orthu fáilte a chur roimh an nGaeilge agus í a thabhairt chuig lucht féachana idirnáisiúnta. Déanfaidh mé iarracht cúpla grúpa a mholadh daoibh anois.
Ar dtús, ní féidir linn dearúd a dhéanamh ar na grúpaí a bhíonn ag úsáid fuinneamh na Gaeilge mar mhodh léirithe ealaíne. Ealaíontóirí cosúil le Kneecap as Béal Feirste, agus IMLÉ, ceoltóirí as gach cuid d’Éirinn. Go pearsanta, is aoibhinn liom Kneecap. Is tríréad rapcheoil iad. Thosnaigh siad in 2018 nuair a gabhadh cara de chuid ball as spraephéinteáil an fhocail “CEARTA.” Dhiúltaigh an cara aon cheist a fhreagairt ach i nGaeilge amháin. Tar éis sin, d’eisigh an grúpa a gcéad singil “C.E.A.R.T.A”. Tháinig clú agus cáil orthu nuair a chuir RTÉ cosc ar an amhrán sin. Níor stop siad ó shin, is iad ag seinm ag féilte ar fud an domhain ó Mheiricéa go dtí an Ungáir.
Is grúpa hip-hop eile iad IMLÉ, is iad ag meascadh a gcuid stíle le funk agus R&B. D’eisigh siad a gcéad albam in 2016 is bhí éileamh dochreidte roimh an albam sin. Tugann amhráin cosúil le “Fún Orm” agus “Ná Bac” fuinneamh don teanga le séiseanna áille agus liricí inbhreathnaitheacha. Gné ar leith dá gcuid ceoil a mbainim súp as is ea a gcuid armóin ghutha. Tugann sé beatha don amhrán agus mar thoradh fanann ceol an ghrúpa i do cheann ar feadh laethanta ina dhiaidh sin tar éis duit éisteacht leo.
Tá an-tóir ag grúpa rac-cheoil ar an nGaeilge. Grúpaí cosúil le Fontaines D.C., Corr Mhóna agus The Murder Capital as BÁC. Cé go seinneann siad punk-cheol as Béarla don chuid is mó, comhcheanglaíonn Fontaines D.C. rac-cheol le ceol traidisiúnta na hÉireann. Ar a n-albam is déanaí, “Skinty Fia”, léiríonn an chéad líne, “Inár gcroíthe go deo,” a mbród don teanga. Seo grúpa atá ag tacú leis na Arctic Monkeys agus mar thoradh air sin bíonn siad ag tabhairt na teanga chuig an domhan go léir. Ar an láimh eile, scríobhann Corr Mhóna a gcuid ceoil i nGaeilge amháin. Is banna miotal trom iad as Iarthar Chorcaí. Is suimiúil go bhfuil a gcuid liricí líonta le híomhánna faoin ndúlra agus faoin dtuath in Éirinn.
Tá leaganacha Gaeilge d’amhráin tar éis éirí níos coitianta, chomh maith. Dar liom, is modh iontach é chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a thabhairt isteach i ngníomhaíochtaí éisteachta daoine. Sampla amháin den scoth is ea “ba mhaith liom bruíon le d’athair” le The Rubberbandits. Is amhrán amaideach é i ndáiríre ach cuireann sé an Ghaeilge in aithne do dhaoine nach ndéanann amhlaidh de ghnáth. Déanann an banna rac-cheoil áitiúil “The Drive” é chomh maith ina n-amhrán “Mossbawn” ach tá siad i bhfad níos dáiríre faoi. Is banna ceoil iad ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh agus úsáideann siad an teanga go seasta ina gcuid ceoil. Tugann a gcuid ceol dorcha meáchan don teanga le liricí géara agus canadh díshondach ar a n-amhrán “Gealt”.
Is fiú cluas le héisteacht a thabhairt do cheoltóirí eile ar nós Kila a raibh baint acu leis an scannán Éireannach, Wolfwalkers, le déanaí; an grúpa Solas lena gcuid bailéidí áille rómánsacha (is gá daoibh éisteacht lena n-amhrán “Níl ʼna Lá”), agus; bíonn Róisín Seoighe, amhránaí as Conamara, i gcónaí ag teacht ar bhealaí nua chun í féin a chur in iúl tríd an dteanga.
Deireann seanfhocal amháin, “Beatha teanga í a labhairt.” Ina dhiaidh sin, ní mór an teanga a chur in iúl go healaíonta, chomh maith, le go n-éireoidh léi. Cé go bhfuil bealach fada le dul fós, is léir go bhfuil athbheochan ag tarlú. Bíonn an cultúr i gcónaí ar an gcuid is spreagúla leis an nglúin óg agus tá sé soiléir go bhfuil an ghlúin sin réidh chun glacadh leis an ngné seo de chultúr na hÉireann.