Seachtain na Gaeilge 2023 leis an gCuallacht 

Orla Leahy (Eagarthóir Gaeilge)


San alt seo, bíonn Orla ag caint le Oisín Ó Síocháin, Cathaoirleach na Cuallachta Gaelaí. 

  • Cad é aidhm na Cuallachta timpeall ar Sheachtain na Gaeilge gach bliain agus cén difríocht atá idir an aidhm atá agaibh an tseachtain seo agus aidhm na seachtainí eile i rith na bliana?

Is é sprioc na Cuallachta i rith Sheachtain na Gaeilge deiseanna a chur ar fáil do dhaoine a gcuid Gaelainne a úsáid, agus cúrsaí teangan a phlé, trí imeachtaí a reáchtáil. Gan dabht, ó thus go deireadh na bliana is iomaí imeacht a bhíonn ar bun againn, idir imeachtaí sóisialta, imeachtaí oideachais, turais agus eile. Tá eolas an-fhorleathan ar Sheachtain na Gaeilge, áfach, agus dá bharr san is iontach an deis é níos mó daoine a mhealladh i dtreo na teangan agus i dtreo na Cuallachta, chomh maith.

  • Cad iad na heachtraí agus imeachtaí a bheidh ar siúl agaibhse i mbliana?

Beidh an clár iomlán le fáil ar ár leathanach Instagram, chomh maith le meáin shóisialta Aontas na Mac Léinn féin. Beidh aoichainteoirí ag teacht chugainn ó gach cuid don dtír chun gach gné de shaol na Gaeilge a phlé. Beidh roinnt imeachtaí sóisialta ar bun againn, agus beimid ag obair i gcomhpháirt le Cumainn eile ar réimse imeachtaí eile. Agus dar ndóigh, beidh buaicphointe na bliana againn ar an 15ú Márta, nuair a bhaileoidh ár mbaill in Óstán an Metropole ar Shráid Mhic Churtáin do Bhál mór na nGael! 

  • Do scoláirí nach bhfuil acu ach cúpla focal, an bhfuil deiseanna sa Chuallacht do dhaoine a bhaineann le gach leibhéal Gaolainne a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge?

Tá gan dabht! Bíonn fáilte roimh chách sa Chuallacht, beag beann ar a gcumas Gaelainne. Tá roinnt oícheanta scannáin eagraithe againn le linn na bliana, oícheanta a mhealann daoine le beagán Gaelainne chomh maith le cainteoirí líofa. Bíonn Ciorcal Comhrá againn gach Luan sa Seomra Caidrimh ar a 1 a chlog; atá oscailte don uile dhuine. Chomh maith leis sin, eagraímid oícheanta do mhic léinn idirnáisiúnta, chun léargas a thabhairt ar chultúr na nGael is ar an dteanga féin.

  • Cad é an eachtra nó cad iad na himeachtaí is mó a bheidh agaibhse i mbliana? 

Ó thaobh uimhreacha de, níl aon dabht ach gurb é Bál na Gaeilge an t-imeacht is mó. Cuirfidh an Bál críoch le Seachtain na Gaeilge, agus níl aon amhras ach gur oíche den scoth a bheidh ann. Chomh maith leis sin, d’eagraíomar dhá thuras mhóra le linn 2022/2023; ceann amháin go dtí Oireachtas na Samhna agus ceann eile go Béal Feirste. Bhí a lán oibre i gceist leis na turais gan dabht, ach tá sé ríthábhachtach dúinn go gcífeadh is go gcloisfeadh ár mbaill an Ghaelainn á labhairt taobh amuigh de Chorcaigh.

  • Inis dom faoin iris Breac, irisleabhar atá ar an bhfód le 3 bliana anuas.

Is é Breac iris bhliantúil na Cuallachta. Cuirimid fáilte roimh altanna ó mhic léinn na hollscoile, ar réimse mór ábhar – altanna nó aistí, píosaí próis, dánta, agallaimh agus eile! Ní mór go gcloisfí glór na n-óg, guthanna na mac léinn, agus tugann Breac an deis do dhaoine a gcuid a rá agus a dtuairimí a chur i gcló!

  • Do scoláirí le suim sa Choiste féin, cathain a bheidh an deis acu a bheith páirteach mar chuid den Choiste sin?

Beidh Cruinniú Cinn Bliana na Cuallachta á reáchtáil i mí Aibreáin. Mholfaimis do gach éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaelainn, a bhfuil a gcroí sa teanga, agus ar mian leo í a chur chun cinn san ollscoil, páirt a ghlacadh sa Choiste sin. Tá ceithre phost déag ar an gCoiste, go gach bliainghrúpa. Coimeád súil amach don data sin! 

  • An bhfuil aon eolas eile le roinnt agaibhse linn? 

Is féidir an Chuallacht a leanúint ar Instagram ag @anchuallachtucc - bígí linn a chairde!

Previous
Previous

Build Better Salads

Next
Next

Níl sé Imithe ar Fad, Tá an Teanga Fós Beo sna Cairteacha Ceoil