Siopadóireacht na Nollag

Le Orla Leahy

Bíonn na laethanta ag éirí níos fuaire agus níos giorra, feictear na soilse ag dul suas i lár na cathrach, agus cloistear scéalta faoin bpatrún-rince in oirthear Chorcaí. Bíonn am na Nollag ag teacht go tapaidh agus is fíor a rá go mbíonn daoine ag smaoineamh faoin tsiopadóireacht cheana féin. 


I rith na mblianta, phioc mé suas roinnt moltaí chun an tsiopadóireacht sheanráithe a dhéanamh agus beidh a leithéid á roinnt agam libhse anois. Beidh ceithre dronga ann. Molaim duit liosta a scríobh faoi gach drong chun an próiseas a chur chun fusachta. Mar shampla, faoi ‘Bhronntanais’, cé hiad na daoine i do shaol go mbeifeá ag ceannach bronntanas dóibh? Cé mhéad bronntanas a bheadh i gceist? Bí ag smaoineamh faoi shuimeanna agus faoi chaitheamh aimsire na ndaoine ar do liosta féin; cad ba mhaith leo?



  1. Bronntanais


Cé go bhfuil dearbháin mar an gcaighdeán bronntanas is fearr na laethanta seo do gach mac máthar agus iníon athar, tá cúpla moladh agam chun é sin a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, toisc go mbíonn sé fíor-éasca na dearbháin a cheannach ar líne agus a sheoladh i bhfoirm ríómhphoist ar Lá Nollag, molaim duit dul isteach go dtí an chathair nó an ceantar siopadóireachta agus na dearbháin a cheannach sna siopaí nó sna bialanna féin; bíonn siad níos aeistéitiúla, is taispeánann sé níos mó iarrachta a bheith déanta agat chun bronntanas a fháil, agus ní bhíonn aon táille sa bhreis le tabhairt as an tseirbhís as do phocaí, ach an oiread, agus is minic a bhíonn táille sa bhreis ar líne. 


I gcás nach mbíonn dearbháin do chupán tae, chun an lá siopadóireachta a chur chun fusachta, molaim duit dul chuig ceantar siopadóireachta nó siopa ollmhór, mar shampla, House of Fraser a osclaíodh cúpla seachtain ó shin i Machain i gCorcaigh, dá mbeadh sé ar do chumas a leithéid a dhéanamh. Dá mbeadh cosúlacht maidir le toisí dhe idir roinnt de na daoine ar do liosta, is féidir leat roinnt bronntanas difriúil a cheannach i gceantar siopadóireachta amháin, cosúil le House of Fraser mar a dúradh, nó Ionad Siopadóireachta Rinn Mhachan féin, nó má bhíonn an deis agat taisteal a dhéanamh; bíonn áiteanna cosúil le Dún Droma i mBÁC agus Kildare Village i gCill Dara go hiontach ar fad do dhaoine ar leith le toisí difriúla. 


Ina theannta sin, más féidir leat do dhearbháin, nó do bhronntanais ghinearálta a fheabhsú, bí ag siúl timpeall siopa speisialta amháin, Sostrene & Greene, de bharr go mbíonn maisiúcháin den chéad scoth acu don Nollaig, go mór mór páipéar beartán, cártaí, páipéar síoda agus boscaí iontacha. Is féidir leat gach saghas ribín a cheannach ansin, chomh maith. Má théann tú ar líne; ar Instagram mar shampla agus má chuardaíonn tú ‘Páipéar Beartán’ nó srl., faightear roinnt smaointe den scoth chun beartán atá go hálainn ar fad a dhéanamh de do bhronntanais. 


2. Cártaí 


Nuair a bhí mé sa mheánscoil, bhí naonúr as tíortha eile na hEorpa ag foghlaim Béarla agus ag déanamh staidéir i mo scoil féin ar feadh bliana. Chruthaigh mé cairdeas nua leo, is bhaineamar fíor-thaitneamh as an am a chaitheamar lena chéile, go mór mór ag na deirí seachtaine nuair a théimis ar thuras lae, mar shampla, timpeall ar Iarthar Chorcaí. Bím i dteagmháil leo fós agus de ghnáth seolaimid cártaí, mar nós, go dtí a chéile ag am Nollag. Is rud fíordheas é cárta a fháil sa phost, go háirithe na laethanta seo, nuair a bhíonn an chuid is mó againn ar ár bhfóin is sinn ag iarraidh teagmháil a dhéanamh lenár gcairde. An Nollaig seo, molaim duit liosta a scríobh faoi dhaoine atá tábhachtach duit is a bhíonn ag maireachtáil in Éirinn, nó thar lear, agus cártaí a sheoladh chucu. Mar shampla, bíonn Cumann Ailse na hÉireann nó an Irish Cancer Society mar déarfá fíorthábhachtach dom féin agus déanaim tréaniarracht na cártaí sin acusan a cheannach. 


3. Báicéireacht 


An bhfuil suim agat casadh a chur ar do shiopadóireacht bhia an Nollaig seo? Is minic a cheannaímid gach milseán don Nollaig agus, bíonn an bháicéireacht a bhíodh an-chomónta nuair a bhí ár dtuistí agus seanthuistí óg ag dul i léig is baolach. An bhliain seo, molaim duit smaoineamh a dhéanamh ar bháicéireacht a dhéanamh in ionad bheith ag siopadóireacht do mhilseáin amháin. Mar shampla, an raibh a fhios agat go mbíonn searróg mhionfheola Nollag, nó próca Nollag mar déarfá, ar fáil i mbeagnach gach margadh Nollag? Bíonn searróg nó próca mar sin go hiontach do na pióga, gan amhras, ach do na cístí agus na muifíní nó na bocairí mar déarfá, chomh maith. 


B’fhéidir go mbeadh suim agat i gcíste Nollag, oiread na fríde, i maróg Nollag, nó i rud éigin eile? Chun smaointe báicéireachta a fháil, sa chéad áit, tabhair turas ar na margaí, mar shampla an margadh a bhíonn ag an Muiríne gach lá, an margadh a bhíonn i Machain Déardaoin, agus an margadh eile i nDúglas.Bí ag féachaint ar an teilifís; bíonn roinnt cócairí ag déanamh ranganna faoi chócaireacht agus faoi bháicéireacht na Nollag timpeall an ama seo agus i rith mhí na Nollag, chomh maith. Bí ag féachaint ar an roinn ‘bia’ san Express gan aon agó agus páipéir eile do smaointe báicéireachta. Beidh do chuid cuairteoirí ar mhuin na muice mar deir lucht na hArdteiste, agus beidh gaisce déanta agat agus i mbeagnach gach cás, beidh do phócaí lán.  


A Chairde Gael, seo é an t-eagrán deireanach don seimeastar seo. Bainimis sult as am na Nollag, tugaimis aire dúinn féin agus feicfimid sibh arís sa dara seimeastar. Leanaigí oraibhse ag léamh!




Previous
Previous

Ducksy’s Video Vault

Next
Next

Ceisteanna agus Freagraí ó Scoláirí Dlí agus Gaeilge atá Thar Lear - Cuid 2