Spraoi Cois Laoi i UCC

Le Hugh Ó Raghallaigh Mac GearailtSeachtain an-ghníomhach a bhí i gceist le Spraoi Cois Laoi do choiste na Cuallachta anseo i UCC. Cuireadh a lán imeachtaí ar fáil do mhic léinn uilig an choláiste. Cuireadh tús leis an seachtain leis an mBricfeast Gaelach! Tógadh seastán tae agus caifé lasmuigh den Leabharlann agus bhí bia á thabhairt amach leis. Meastar gur thugadh cothú dos na céadta agus iad ar a mbealach chun foghlama maidin dé Luain an 21ú Mheán Fomhair.Tháinig aoí speisialta ina dhiadh san chun cainte linn, Oifigeach Pleanála Teangan don phobal i gCorca Dhuibhne agus iar-chaithaoirleach na Cuallachta John Prendergast. Labhair John fén am a chaith sé san ollscoil, an seal a chaith sé thar lear idir sna Stáit agus i gCeanada ag muineadh na Gaoluinne thall agus cúramaí pleanála teangan leis. Tháinig an-shlua agus thug John caint an-shuimiúl. Bronnadh leabhar air a bhí scríofa ag an tOllamh Pádraig Ó Macháin agus Sorcha Nic Lochlainn chun ár mbuíochas a chur i bhfriotal.Bhí imeacht saghas difiriúl againn dé Máirt, bailíodh grúpa mhór san New Bar agus chanadar ar feadh na hoíche! Bhí oíche thar bharr i gceist agus dhein an criú obair na gcapall chun an guth a bhaint as na hamhráin uilig agus iad a chur i bhfís ach is gá dom a rá gurbh fhiú go mór é, mar bhí an-chraic ag an dream a tháinig. Bhí idir amhráin traidisiúnta Gaelacha agus cinn aisrithe á chanadh agus ba mhór an rath a bhí ann.Ar an gCéadaoin cuireadh rang síochánach Íoga ar fáil sa studío álainn amharchlannaíochta agus tháinig múinteoir le Gaoluinn agus iar-iníon léinn UCC Róisín Nic Cárthaigh chun na pósanna a thaspáint agus an seisiún a stiúradh. Ba mhór an faoiseamh a fuair na héinne agus d’imíodar go han-zen ar fad. Tháinig Déardaoín gan an iomarca moille agus ní nach ionadh gur tháinig imeacht eile leis. Pop Up Gaeltacht a bhí ann agus tháinig pobal na Gaoluinne le chéile chun deireadh na seachtaine a chéiliúradh. Bhí Costigans plódaithe agus lán le Gaoluinn binn agus ceol aoibhinn traidisiúnta an oíche sin.Bhí imeacht an-spéisiúl curtha ar fáil dé hAoine, nuair a chuaigh dream beag ag surfáil ar an dtráigh anseo i gCorcaigh! Collab iontach agus ráthiúl leis an gcumann surfáil agus níl amhras ag an scríobhnóir seo nach mbeidh sé an uair deireanach. Buíochas ó chroí d’éinne a ghlac pairt agus tá súil agam go mbeidh baint éigint ag an gcuid eile díobh leis an gCuallacht amach anseo.

Previous
Previous

Adrianne Lenker & Joni Mitchell - a focus on two of the loveliest songwriters in music, with a track by track of songs you need to hear

Next
Next

XR: Seachtain na Réabhlóide