XR: Seachtain na Réabhlóide

le Síofra Nic RistéirdI mí Áibreáin 2018, tháinig na mílte daoine amach chun páirt a ghlacadh i bhfeachtas ar son na haeráide i Londain. Chaith siad ocht lá ag campáil ar na sráideanna i lár na cathrach, agus ghlac siad páirt i gníomhartha neamh-foréigneach ar feadh na seachtaine - ag greamú iad féin le foirgnimh rialtais agus ag imshuí na príomh bóithre agus droicheada i Londain. B’í aidhm an fheachtais ná brú a chuir ar an rialtas aird a thabhairt ar staid na haeráide agus dlithe nua a chur i bhfeidhm. Gabhadh ar níos mó ná 1000 le linn na seachtaine seo.Ar an seachtú lá de mhí Deireadh Fómhair, tharla an dara Rebellion Week ar fud an domhain. I níos mó ná 60 príomhcathracha, tháinig na mílte reibilúnaigh amach ar na sráideanna chun agóid i gcoinne rialtaisí ag déanamh rud ar bith chun athrú aeráide a réitiú. Mhair agóidí don tseachtain iomlán i mBaile Átha Cliath, le reibiliúnaigh ag campáil i Merrion Square agus ag mairseáil trí phríomhsráideanna na cathrach gach lá. Stop siad gluaiseacht tráchta i lár na cathrach, ag ligint do bhusanna agus rothair taistil, ag iarraidh an réiteach a chuir in iúl don phobal: nach mbeadh gá le carranna príobháideacha dá mbeadh córas iompar poiblí níos iontaofa againn, agus cabhróidh sé seo ó thaobh ní amháin tráchta ach ó thaobh sláinte de sa chathair, agus aer úr glan ar fáil nach bhfuil trúaillaithe ó carranna seasta ar feadh uaireanta i rith an lae.Cé go raibh réibiliúnaigh ag cruthú trioblóide ó thaobh gnó agus saol laethúil na cathrach i mBaile Átha Cliath, b’agóid neamh-foréigneach ina iomlán é, agus níor gabhadh ach ar cúigear, a cheangail iad féin le geataí an Dáil ag baint usáid as glasa rothair. Scaoileadh iad gan chúis an lá dar gcionn. Scéal iomlán difriúl atá ann sa Bhreatain áfach, inar gabhadh ar níos mó na 1,400 duine a bhí baint acu le Extinction Rebellion, agus d’fhógraigh na póilíní le déanaí go raibh cosc iomlán ar an ngrúpa i Londain.Is í aidhm na gluaiseachta seo ná na firicí a chur in iúl don phobal agus na rialataisí - caithfear rudaí a athrú nó beidh iarmhairtí óllmhór do na glúnta atá le teacht. Tá an dualgas orainn, agus chomh fada is nach bhfuil faic á dhéanamh ag rialtaisí an domhain, leanfaidh an réabhlóid ar aghaidh.

Previous
Previous

Spraoi Cois Laoi i UCC

Next
Next

Activision-Blizzard Spineless in the Face of Chinese Pressure